Jump to content

An Phaipeamaintis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Paipeamaintis)
Infotaula de llenguaAn Phaipeamaintis
Papiamentu agus Papiamento

Cineálteanga, fásteanga, teanga bheo agus teanga nádúrtha
Úsáid
Cainteoirí dúchais319,000 (1999)
StáitArúba, Curaçao agus Bonaire
Comhordanáidí12° 12′ N, 69° 00′ O / 12.2°N,69°W / 12.2; -69
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga nádúrtha
contact language (en) Aistrigh
pidsean nó criól
Portuguese-based creole languages (en) Aistrigh
Afro-Portuguese creoles (en) Aistrigh
Upper Guinea Creole (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-2pap
ISO 639-3pap
Glottologpapi1253
Linguasphere51-AAC-be
Ethnologuepap Cuir in eagar ar Wikidata
IETFpap Cuir in eagar ar Wikidata

Teanga is ea an Phaipeamaintis (papiamentupapiamento) a labhraítear in Oileán Arúba, Oileán Bonaire agus Oileán Curaçao i Muir Chairib. Fásteanga atá ann agus í bunaithe ar an bPortaingéilis, mar a mheastar. Inniu, áfach, tá foclóir na teanga níos cosúla leis an Spáinnis. Thairis sin, tá go leor focal ann a tháinig isteach ón Ollainnis, ón mBéarla agus ó theangacha bundúchasacha Mhuir Chairib. Tá stádas oifigiúil ag an bPaipeamaintis in Arúba agus Curacao, agus aitheantas áirithe á thabhairt di i mBonaire, Sint-Eustatius, agus Saba.

Níl sé soiléir conas a tháinig an Phaipeamaintis ar an bhfód. Tá teoiricí éagsúla ann: go bunúsach, is í an cheist is mó ná, cé acu a d'fhorbair sí sna hAintillí Ollannacha an chéad uair, nó taobh amuigh díobh - san Afraic mar shampla. Sa séú agus sa seachtú haois déag tháinig an chuid ba mhó de na sclábhaithe Afracacha go dtí na hAintillí ó na cuanta Portaingéalacha cosúil le Cabo Verde, agus labhraítear fásteangacha Portaingéilise sna háiteanna sin inniu nach bhfuil ródhifriúil leis an bPaipeamaintis.