An Phaipeamaintis
Paipeamaintis (Papiamentu) | |
---|---|
Á labhairt | Aintillí na hÍsiltíre, Aruba, An Ísiltír |
Réigiún | An Mhuir Chairib |
Cainteoirí san Iomlán | 329,000 |
Rang | ~ |
Líne ghinealaigh | Fásteanga Fásteanga (Portaingéilis) Paipeamaintis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil | Aintillí na hÍsiltíre, Aruba |
Foras Pleanála Teanga | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ~ |
ISO 639-2 | pap |
ISO 639-3 | pap |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga is ea an Phaipeamaintis (papiamentu nó papiamento) a labhraítear in Oileán Aruba, Oileán Bonaire agus Oileán Curacao i Muir Chairib. Fásteanga atá ann agus í bunaithe ar an bPortaingéilis, mar a mheastar. Inniu, áfach, tá foclóir na teanga níos cosúla leis an Spáinnis. Thairis sin, tá go leor focal ann a tháinig isteach ón Ollainnis, ón mBéarla agus ó theangacha bundúchasacha Mhuir Chairib. Tá stádas oifigiúil ag an bPaipeamaintis in Aruba agus Curacao, agus aitheantas áirithe á thabhairt di i mBonaire, Sint-Eustatius, agus Saba.
Níl sé soiléir conas a tháinig an Phaipeamaintis ar an bhfód. Tá teoiricí éagsúla ann: go bunúsach, is í an cheist is mó ná, cé acu a d'fhorbair sí sna hAintillí Ollannacha an chéad uair, nó taobh amuigh díobh - san Afraic mar shampla. Sa séú agus sa seachtú haois déag tháinig an chuid ba mhó de na sclábhaithe Afracacha go dtí na hAintillí ó na cuanta Portaingéalacha cosúil le Cabo Verde, agus labhraítear fásteangacha Portaingéilise sna háiteanna sin inniu nach bhfuil ródhifriúil leis an bPaipeamaintis.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |