Pótaintille
Cuma
Potentilla | |
---|---|
Potentilla arenaria | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Fofhine | Rosoideae |
Géineas | Potentilla L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Potentilla reptans |
Is é is pótaintille[1] ann nó ball ar bith den ghéineas Potentilla, grúpa an-mhór plandaí, bliantúil nó ilbhliantúil, uaireanta dreaptha, uaireanta toim bheaga, dúchasach do chreasa measartha ó thuaidh. Na duilleoga i 3 dhuilleoigín, nó roinnte go bosach nó cleiteach i nduilleoigíní. Na bláthanna le heipeacailís, 4-5 sheipeal, 4-5 pheiteal. Roinntear iad ina dhá ghrúpa: na plandaí cúigmhéaracha le bláthanna 5 pheiteal, agus na néalfartaigh le bláthanna 4 pheiteal. Fástar cuid mhaith díobh, na cineálacha tomacha go háirithe, mar mhaisiúchán.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Potentilla” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pótaintille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 535.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |