Cúig mhéar Mhuire
Potentilla reptans | |
---|---|
Planda | |
Dath na mbláthanna | buí |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Treibh | Potentilleae |
Géineas | Potentilla |
Speiceas | Potentilla reptans L., 1753 |
Is planda luibheach iad cúig mhéar Mhuire[1] (Potentilla reptans) agus is ball d’fhine na rósanna iad (Rosaceae).
Bíonn siad 5-30 cm ar airde. Tá dath buí ar a mbláthanna, na cúig pheiteal ag déanamh uainíochta ar na seipil; mórán staimín iontu. Tá siad cosúil le rósanna singil, gach ceann acu ar bharr gasáin fhada a fhásann as ascaill na nduillí. Tá na torthaí ina gcrobhaingí, gach ceann acu cuachta i gcailís mharthanach. Tá fáinne ilbhliantúil duillí ann as a bhfásann gais fhada reatha a chuireann síos fréamhacha ó na nóid as a bhfásann duillí is bláthanna. Tá dath dúghlas ar a nduillí pailmeacha, 5 dhuillín fhiaclacha iontu; gasáin fhada ar na duillí agus stiopóga a mbun.
Tá siad le fáil i bhfálta, in áiteanna tréigthe, ar cholbhaí bóithre agus cosán agus uaireanta ar thalamh féaraigh, in ithreacha bunata agus neodracha ar fud na hEorpa.
Tá gaol acu leis an Néalfartach (Potentilla erecta), ach ní bhíonn ach 4 pheiteal uirthi sin agus 3 dhuillín sna duillí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Potentilla reptans” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.