Páirc Stáit Letchworth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPáirc Stáit Letchworth
Íomhá
CineálNew York state park (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Livingston, Nua-Eabhrac, New York agus Wyoming, Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 42°38′05″N 77°59′00″W / 42.6347°N 77.9833°W / 42.6347; -77.9833
Tréithe
Achar14,427 acre Cuir in eagar ar Wikidata
Liostaithe sa National Register of Historic Places
Am4 Samhain 2005
Aitheantóir03000718
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1906 Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirNew York State Office of Parks, Recreation and Historic Preservation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinparks.ny.gov… Cuir in eagar ar Wikidata
Radharc ó Tharbhealach Portage i Mí Iúil

Is páirc stáit í Páirc Stáit Letchworth atá suite in iarthar Nua-Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 35 míle (56 km) thiar theas de chathair Rochester agus 60 míle (95 km) thoir theas de chathair Buffalo i gcontae Livingston (sna bailte darb ainm Leicester, Mount Morris agus Portage) agus i gcontae Wyoming (sna bailte Castile agus Genesee Falls). Tá an pháirc bordaithe ar 17 míle (24 km) ar fad, ag cuimsiú 14,350 acra (58 km2) de thalamh de chois na hAbhann Genesee. Laistigh den pháirc tá trí eas mhóra ar an abhainn agus b’fhéidir suas le caoga eas ar na craobh-aibhneacha a shníos isteach san abhainn mhór, maille leis an gcraosán a dheilbhigh an abhainn. Tá fálta carraige an chraosáin seo suas le 550 troigh (170 m) ar airde in áiteanna agus caolaítear iad go dtí 400 troigh (120 m) ar leithead os cionn an chinn láir de na trí eas. Is uaidh seo a thugtar an leasainm “Cainneon Mór an Oirthir” ar an gceantar.

Baisteadh an pháirc as William Pryar Letchworth, an fear a thiomnaigh an t-eastát de 1,000 acra (4 km2) arb é ceartlár na páirce é do Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 1906. Faightear bealaí isteach na páirce in aice leis na háiteanna darb ainm Mount Morris, Perry, Castile agus Portageville. Imíonn bóthar (dhá lána nó trí) nua-aimseartha, ar a gcoinnítear dea-bhail, le taobh thiar an chraosáin, a chuireas ar chumas daoine a lán radharc spéiriúil de ghnéithe geolaíocha an chraosáin a fheiceáil.

An tEas Íochtair

Tá na trí phríomheas, a dtugtar an tEas Uachtair, an tEas Láir agus an tEas Íochtair orthu, suite i gcainneon Portage i ndeisceart na páirce, Bhaist na Meiriceánaigh dhúchasacha áitiúla, na Seinice, “She-ga-hun-da” (Gleanntán na dTrí Eas) ar an talamh timpeall an chainneoin seo agus chreidtí gur chuir an ghrian ina stad ag meán lae de thairbhe rí-éachtaí an Easa Láir (“Ska-da-dee”).

Faightear an t-eas is airde i stát Nua-Eabhrac sa pháirc seo, Is eas ribíneach suntasach é a aimsítear ar chraobh-shruthán achar gearr taobh thoir d’Inspiration Point Overlook, 0.4 míle (640 m) taobh thiar d’ionad cuairteoirí na páirce. Tugtar Eas Inspioráide air agus titeann an t-uisce 350 troigh (107 m) ón mbarr. D’ainneoin na hairde mórthaibhsí, is eas séasúrach é agus is minic nach bhfeictear ach teimhleach an uisce ar éadan na haille. Tá aghaidh an easa ó dheas siar ó dheas agus níl ach troigh amháin ar leithead ag an gcírín, áit a dtosaíonn an t-uisce ag titim ó bharr an easa. Ach go coitianta, aithnítear an tEas Taughannock (suite thiar thuaidh d’Ithica, i gceantar na Méarlochanna i Nua-Eabhrac Iarláir) mar an t-eas is airde sa stát agus in Oirthuaisceart na tíre chomh maith.

Is ón Tréimhse Dheavónach é an grinneall atá nochta sa chraosán, déanta as sceallaí den chuid is mó agus roinnt sraitheanna de ghaineamhchloch agus d’aolchloch freisin. Sil-leagadh an charraig i bhfarraige intíre ársa agus faightear a lán iontaisí muirí sa charraig. Is an-óg, i dtéarmaí geolaíochta, é an tírghné den chuid seo de ghleann na hAbhann Genesee. Is éard is cúis leis sin gurbh éigean don abhainn gleann nua a shnoí de bharr go ndearna an t-oighearshruth ilchríochach deireanach athchúrsáil ar an abhainn as an seanghleann.

Sa bhliain 2007, ainmníodh Páirc Letchworth mar cheann de na 100 ionad campála is fearr sna Stáit Aontaithe.

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]