Pádraig Tyers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Peileadóir agus scoláire a bhí i bPádraig Tyers (1925-2010).

A Chéad Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Tyers i gContae Phort Láirge sa bhliain 1925, an duine is óige den chúigear clainne a saolaíodh do Harry Tyers agus Bríd de Paor. Ba phólín é a athair i Londain nuair a chuir sé aithne ar Bhríd de Paor, a tháinig ann óna háit dhúchais, Port Lách i gContae Phort Láirge. Ach theip ar shláinte Harry Tyers, b'éigean dó éírí as a phost agus d'aistrigh siad go hÉirinn.

Bhí Gaoluinn fós le cloisint sa cheantar agus ba é an file Pádraig Ó Miléadha a mhúin an teanga do Phádraig óg agus é ag freastal ar bhunscoil ann. Ghnóthaigh sé scoláireacht go meánscoil Chnoc Mheilearaí. Ba é Mícheál Feirtéar as Corca Dhuibhne a mhúinteoir Gaeilge sa scoil sin. D'éirigh go maith le Pádraig agus na daltaí eile: don Arteist rinne siad staidéar ar an leabhar Gnás na Gaeidhilge le Cormac Ó Cadhlaigh, a bhíodh ar shiollabas ollscoile seachas meánscoile: chomh maith leis sin léigh siad An tOileánach le Tomás Ó Criomhthainn.

I ndeireadh a théarma sa scoil sin, ghnóthaigh Pádraig Tyers scoláireacht go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus thosnaigh ar a chúrsa léinn ann i bhfómhar na bliana 1943. Gaeilge agus Laidean, agus an Ghréigis mar anlann leo, a bhí ag Tyers chun a chéime BA.

Peil agus iomáint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor lú suim Tyers sa chluichí ná sa léann. Sa bhliain 1947 ghnóthaigh sé Corn Sigerson agus Corn Sigerson le foirne peile agus iomána an choláiste. D'imir sé peil lena club áitiúil, Lees, agus d'imir sé mar chúl báire le sinsir Chorcaí ó 1953 go 1956.[1] D'imir sé i gcoinne na Gaillimhe i gcluiche ceannais na hÉireann sa bhliain 1956, ach buaileadh Corcaigh.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó an ollscoil a fhágáíl, chuaigh sé leis an múinteoireacht. Chaith sé naoi mbliana ag obair mar mhúinteoir, 4 i gCnoc Mheilearaí. Ina dhiadh sin chuaigh sé i mbun oibre le Gael Linn. Bhí baint aige le dhá scannán de chuid Louis Marcus: Peil agus Christy Ring. Tar éis dó ocht mblaina a chaitheamh le Gael Linn, ghlac sé post in ollscoil Chorcaí sa bhliain 1964. Eisean a chuir siollabas nua do mhúinteoireacht na Gaeilge, "Cúrsa Tyers", ar bun.

D'fhorbair sé baint idir an ollscoil agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus bhí baint aige le bunú an óstáin i nDún Chíomháin i mBaile an Fheirtéaraigh do lucht an choláiste. Mar thoradh ar a chuid oibre thug glúin scoláirí a n-aghaidh siar ar an gceantar sin.

Ceapadh mar Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha, agus d'fhorbair sé áiseanna closamhairc an choláiste freisin.

Bhíodh Tyers le cloisteáíl ar Raidió Éireann go minic. Foilsíodh memoir leis, Sliabh gCua mÓige sa bhliain 2003. Sa bhliain 1985 a foilsíodh Cois Laoi: léarscáil logainmneacha. Eisean a chuir Blasket Memories: the life of an Irish island community (1998) in eagar. Is éard atá i gceist le Abair leat Joe Daly (1999) ná agallamh a cuireadh ar an mbailitheoir béaloidis Seosamh Ó Dálaigh.

Thug sé tamall mar bhall de bhord rialaithe an choláiste sular éirigh sé as a phost sa bhliain 1988. Bhronn an coláiste céim oínigh air sa bhliain 2006, agus bronnadh Gradam an Phiarsaigh air dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Iníon amháin agus triúr mac a rugadh do Phádraig Tyers agus a bhean chéile Betty. Cailleadh i mí na Márta 2010 é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]