Pádraig Ó Braonáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Braonáin
Beathaisnéis
Breith1832
BásNollaig 1882
49/50 bliana d'aois
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge
Sean-Halla Baile Ararat marar fháiltigh an Braonánach roimh Mhícheál Dáibhéad.

Cainteoir Gaeilge ó Chontae na Gaillimhe ba ea Pádraig Ó Braonáin. Bhí sé ar dhuine den slua cainteoirí dúchais a chuaigh le feirmeoireacht san Astráil agus a lean orthu ag úsáid na Gaeilge. Lig sé scód lena chuid féin den teanga agus é ag fáiltiú roimh Mícheál Dáibhéad, iriseoir agus náisiúnach Éireannach a tháinig go dtí Ararat in Victoria na hAstráile le linn dó cuairt na tíre a thabhairt. Thug an Braonánach léargas ar shaol rúnda na teanga san Astráil dá réir.

Rugadh é i gCnoc Breac láimh le Dún Mór i gContae na Gaillimhe sa bhliain 1832. Timpeall na bliana 1865 roghnaigh sé féin agus scata eile talamh feirmeoireachta ag Kia Ora cois Loch Buninjong, timpeall fiche ciliméadar laisteas d’Ararat. Phós sé Onóra Ní Bhraonáin agus bhí deichniúr clainne orthu. Cailleadh Pádraig i Mí na Nollag 1882.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]