Owain Owain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Owain Owain
Owain Owain Traeth Coch circa 1966 01.jpg
Saol
Eolas breithePwllheli, 11 Nollaig 1929
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
An Bhreatain Bheag
BásCaernarfon, 19 Nollaig 1993
Muintir
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Bangor
TeangachaAn Bhreatnais
Gairm
Gairmeolaí núicléach, oideoir, scríbhneoir agus file
Saothar iomráiteachY Dydd Olaf (en) Aistrigh
Q13125493 Aistrigh
Gluaiseacht ealaíneficsean eolaíochta

Scríbhneoir gearrscéalta agus file Breatnach ab ea Owain Owain (11 Nollaig, 1929 - Nollaig, 1993). Ceann de bhunaitheoirí Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumainn na Breatnaise) ab ea é. Bhunaigh sé an iris Tafod y Ddraig (Teanga an Dragain) a bhí mar phríomh-ghuth ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumainn na Breatnaise) óna mbreith sna 1960í go dtí an lá atá inniu ann agus bhí sé ina chéad eagarthóir uirthi. Ba pholaiteoir freisin é Owain a shainmhínigh an teanga agus an troid ar son na teangan i gcomhthéacs domhanda. Chruthaigh sé an choincheap go raibh 'maoin na héagsúlachta' (Cyfoeth yr Amrywiaeth) sa Bhreatnais agus scríobh sé go forleathan faoi ilghnéitheachta na teangan agus agus in aghaidh an 'mhúnla liath' (y llwydni llwyd) agus na 'Íomhá Móire' (Ddelwedd Fawr).

Thug sé foirm agus cruth do cathanna an Chumainn Teanga trí a chuid scríbhneoireachta agus a chuid litreacha agus i gcleachtas trí choincheap 'na gceall' (gelloedd) a chruthú - atá fós mar bhunchloch an Chumainn. Ba údar é de 14 leabhar lena n-áirítear ailt, úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus mar sin de, amhail 'Y Dydd Olaf', 'Amryw Ddarnau', 'Bara Brith'; agus tá dá den a chuid leabhar ar an ngréasán domhanda ó 2000.