Oragán cumhra
Jump to navigation
Jump to search
Oragán cumhra | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||
| |||||||
| |||||||
|
Planda ilbhliantúil, rud beag tomach, dúchasach d'ithreacha aolchloiche is cailce san Eoraip, réigiún na Meánmhara is an Áise. Na gais cearnach, na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna beag déliopach bán nó scothchorcra/bándearg i spící tiubha. Saothraítear é mar luibh cistine, go minic faoin ainm oragán (oregano). Bíonn na plandaí a fhástar i dtíortha teo níos cumhra ná iad siúd ó thíortha measartha.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Origanum majorana |
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |