Jump to content

Oll-lámhach Christchurch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOll-lámhach Christchurch
Íomhá
Map
 43° 31′ 58″ S, 172° 36′ 42″ E / 43.5329°S,172.6118°E / -43.5329; 172.6118
Cineálionsaí sceimhlitheoireachta
dúnmharú líonmhar
livestreamed crime (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Márta 2019 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhChristchurch, An Nua-Shéalainn
Canterbury Region, An Nua-Shéalainn (en) Aistrigh
Al Noor Mosque, An Nua-Shéalainn (en) Aistrigh
Linwood Islamic Centre, An Nua-Shéalainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Christchurch City, An Nua-Shéalainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Nua-Shéalainn Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocAl Noor Mosque (en) Aistrigh agus Linwood Islamic Centre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisforchiníochas geal
Ioslamafóibe Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis leArms (Prohibited Firearms, Magazines, and Parts) Amendment Act 2019 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna128 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe40 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireBrenton Tarrant (dúnmharfóir) Cuir in eagar ar Wikidata
Armmilitary-style semi-automatic (en) Aistrigh
gunna gráin
bolt-action rifle (en) Aistrigh
buama ghluaisteáin
raidhfil de chineál AR-15
Mossberg 930 (en) Aistrigh
Remington Model 870 (en) Aistrigh
.357 Magnum (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Tharla Oll-lámhach Christchurch ar an 15 Márta 2019; dúnmharaíodh 51 duine agus leonadh 50 eile i mí an Mhárta nuair a d’ionsaigh sceimhlitheoir geal dhá mhosc i gcathair Christchurch na Nua-Shéalainne, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta ba mheasa riamh sa tír sin, agus ceann de na laethanta is dobróine i stair na Nua Shéalainne.[1][2]

Agóid in Auckland

Bhí na daoine bailithe ansin do phaidreacha na hAoine nuair a scaoileadh sraith urchar leo. Bhí clú ar an bhfear as ucht a chuid tuairimí ciníoch.

Fear ón Astráil a bhí freagrach as an uafás. Chraol Brenton Tarrant, fear 28 bliain d’aois físeán beo ar Facebook ina raibh sé féin le feiceáil ag tiomáint chuig mosc, ag dul isteach agus ag scaoileadh leis na daoine istigh.[3]

Chuaigh Tarrant isteach sa mhosc Al Noor atá i lár Christchurch agus thosaigh sé ag scaoileadh le daoine ag 1.40pm de réir am na háite. Chuaigh sé as sin go dtí mosc Linwood, áit ar mharaigh siad deichniúr eile.

Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur chuir an eachtra seo alltacht ar dhaoine ar fud an domhain. "Déanfaidh siad siúd go léir a chreideann sa tsaoirse agus i luachanna an daonlathais cáineadh ar an ionsaí seo ar dhaoine neamhurchóideacha i láithreacha adhartha do phobal reiligiúnach". [4]

Wellington

Tharla Buamáil na Cásca i Srí Lanca ar an 21 Aibreán 2019; maraíodh timpeall trí chéad duine in ionsaithe buamála ar Dhomhnach Cásca sa bpríomhchathair Colombo. Dúirt Rialtas Srí Lanca ag an am gur mar dhíoltas ar an slad a rinneadh ar an bpobal Moslamach in dhá mhosc i Christchurch sa Nua-Shéalainn i mí an Mhárta 2019 a tugadh faoi na hionsaithe i gColombo.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuact RTÉ (2019-03-15). "Fear gafa faoin sléacht sa Nua Shéalainn" (as ga). 
  2. Nuact RTÉ (2019-03-19). "'Seasann muid leis an bpobal Muslamach'-Jacinda Ardern" (as ga). 
  3. "49 duine maraithe in ionsaithe ar mhoscanna sa Nua-Shéalainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-06.
  4. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-03-06.
  5. Nuact RTÉ (2019-04-23). ""Díoltas a spreag na hionsaithe i Srí Lanca"" (as ga).