Olivia O’Leary
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1949 76/77 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Eaglais na hÉireann |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath St Leo's College, Carlow (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, láithreoir teilifíse |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Céile | Paul Tansey |
Gradam a fuarthas
| |
Is iriseoir agus láithreoir teilifíse Éireannach í Olivia O’Leary. Tá cín lae polaitíochta seachtainiúil aici ar Drivetime ar RTÉ Raidió 1. Tá cláir chúrsaí reatha curtha i láthair ag Olivia O’Leary ar RTÉ, ar BBC agus ITV i Sasana. Mar iriseoir nuachtáin, scríobh sí faoin bpolaitíocht ar The Sunday Tribune agus The Irish Times araon. D’fhoilsigh O’Brien Press dhá leabhar dá cuid colún raidió a craoladh ar RTÉ, ‘Politicians and Other Animals’ agus ‘Party Animals’. Í féin agus Dr Helen Burke a scríobh Mary Robinson: The Authorised Biography. Chuir sí clár faisnéise dhá uair an chloig dar teideal ‘Daniel O’Connell: Forgotten King of Ireland’ i láthair ar RTÉ 1. Thosaigh sí amach leis an Nationalist agus Leinster Times i gCeatharlach. Bhí sí pósta ar Paul Tansey, eagarthóir eacnamaíochta an Irish Times.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |