Oidhreachtúlacht Mendel
Is éard is Oidhreachtúlacht Mendel (nó géineolaíocht Mendel nó Mendeleachas) ann ná sraith de phríomhthuairimí a bhaineann le tarchur saintréith oidhreachtúil ó máthair-orgánaigh go dtí a sleachta; leagann sí béim ar bhunús na géineolaíochta. Dhíorthaigh siad i dtús báire ó obair Ghregor Mendel a foilsíodh sa bhliain 1865 agus 1866 a bhí "athfhionnta" sa bhliain 1900, agus a bhí i dtús báire an-chonspóideach. Nuair a bhí siad comhtháite le teoiric chrómasómach na hoidhreachta ag Thomas Hunt Morgan sa bhliain i 1915, rinneadh croí na géineolaíochta clasaicí aisti.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dhíorthaigh Gregor Mendel, sagart / manach de chuid na hOstaire, dlíthe na hoidhreachta sa 19ú haois le linn dó turgnaimh hibridiúchán ar phiseanna garraí (Pisum sativum) a stiúradh. Idir 1856 agus 1863, d’fhás sé agus thástáil sé roinnt 29,000 piseanna garraí. As na turgnaimh seo rianaigh sé dhá theoiric ghinearálta ar a dtugtar Oidhreachtúlacht Mendel. Rinne sé cur síos ar na prionsabail i bpáipéar a bhí scríofa in dhá chuid aige, Turgnaimh ar Hibridiú Phlandaí (Gearmáinis: Versuche über Pflanzen-Hybriden) a léigh sé amach ag cruinniú de chuid an Chumann Stair an Dúlra sa chathair Brno ar an 8ú Feabhra agus ar 8ú Márta, sa bhliain 1865, agus foilsíodh é ina dhiaidh san iris eolaíochta "Verhandlungen des naturforschenden Vereins Brünn" sa bhliain 1866.
Dlíthe Mhendel
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dlí an leithscartha (an Chéad Dlí)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir an dlí seo; nuair a bhíonn gaiméití á gcumadh, scairtear an dá ghéin den phéire ó chéile i dtreo is nach bhfaigheann gach ghaiméit ach cóip amháin dóibh. Ní théann ach géin amháin de gach péire isteach in aon ghaiméit. Fuarthas an cruthúnas díreach go raibh sé seo fíor tar éis gur breathnaigh beirt eolaithe neamhspleách ar próiseas na méóise, b’iad siúd an luibheolaí Gearmánach, Oscar Hertwig sa bhliain 1876, agus an zó-eolaí Beilgeach, Édouard Van Beneden sa bhliain 1883. Sa mhéóis, deighltear an crómasóim athartha agus bíonn na ailléilí le tréithe an charachtair leithscartha ina dhá ghaiméit éagsúil.
Dlí an Rangaithe Neamhspleáigh (an Dara Dlí)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann Dlí an Rangaithe Neamhspleáigh le fios ar a dtugtar freisin " Dlí na Saorshórtála ", go rangaíonn ailléilí éagsúila neamhspleách ar a chéile i rith foirmithe gaiméite. Cé gur thug turgnaimh Mhendel i gcónaí an cóimheas 3:1 (Fig. 1) idir feinitíopaí ceannasacha agus cúlaitheacha, nuair a mheasc sé treith amháin ar a chéile, thaispeáin a chuid turgnamh le dhá tréith (crosáil dhéhibrideach) an cóimheas 9:3:3:1 (Fig. 2). Ach léiríonn an tábla 9:3:3:1 go rangaítear an dá phéire ghéinte neamhspleách ar a chéile le cóimheas feinitíopach 3:1. Mheas Mendel mar sin go bhfaightear tréithe éagsúla le hoidhreacht neamhspleách ar a chéile, agus mar sin nach bhfuil aon ghaol, mar shampla, idir dath chait agus fad a eireabaill. Tá sé seo fíor i ndáiríre ach amháin nuair nach bhfuil géinte nasctha le chéile.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn an chúis atá leis na dlíthe seo ar fáil sa nádúr i núicléas na cille. Tá sé comhdhéanta suas de roinnt crómasóm a iompraíonn na tréithe géiniteacha. I gnáth cill, bíonn dá chuid ag gach ceann de na crómasóim, na crómaitidí. Sa chill atáirgthe, a cruthaíodh i bpróiseas a dtugtar méóis air, ní bhíonn de ghnáth ach ceann amháin de na crómaitid de chuid gach crómasóim aici. Má chumascar dhá cheann de na cealla (de ghnáth ceann fireann agus ceann baineann), cuirtear an tacair athchóirithe iomlán ar ais arís agus measctar na géinte.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |