Jump to content

An Ocsatáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Occitan)
Infotaula de llenguaAn Ocsatáinis
Occitan, lenga d'òc agus occitan
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais542,000 (2020)
Dúchasach doVal d'Aran, Cantal, Loire, Haute-Loire, Haute-Vienne, Auvergne-Rhône-Alpes, An Acatáin, Languedoc-Roussillon, Limousin, Midi-Pyrénées, Provence-Alpes-Côte d'Azur, Poitou-Charentes, Píodmant agus Cúige Imperia
Stáitan Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn agus Monacó
Comhordanáidí43° N, 1° E / 43°N,1°E / 43; 1
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Gall-Rómánsacha
teangacha Ocsatánach-Rómánsacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, classical norm of Occitan (en) Aistrigh, Mistralian norm (en) Aistrigh agus Norme bonnaudienne (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1oc
ISO 639-2oci
ISO 639-3oci
Glottologocci1239
Ethnologueoci Cuir in eagar ar Wikidata
IETFoc Cuir in eagar ar Wikidata

Is teanga Ind-Eorpach í an Ocsatáinis. Tugtar lenga d'òc uirthi sa teanga féin, nó langue d'oc san Fhraincis. Mionteanga atá inti, á labhairt san Acatáin, Auvergne, Languedoc-Roussillon, Limousin, Midi-Pyrénées agus i bProvence i ndeisceart na Fraince. Ach cloistear an teanga freisin i réigiúin sa Spáinn, san Iodáil, agus i Monacó.

Ainm na Teanga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina "De Vulgari Eloquentia" (Ar Labhairt na Gnáththeanga), rinne an file Iodálach Dante idirdhealú idir trí saghas teangacha Rómánsacha a bhí bunaithe ar an nós a dúradh an dearfach: "nam alii oc, alii oil, alii si affirmando locuntur" [1] (Toisc go ndeir cuid amháin oc, cuid eile oil, agus cuid eile si). Is í seo an chéad fianaise den nath lenga d'oc mar ainm na teanga, óna dtagann "an Ocsatáinis".

Bhí teorainneacha na hOcsatáinise thuaidh ná a bhfuil sa lá atá inniu ar dtús na Meánaoise, áit a dtugtar an ainm "Occitania submersa" (Ocsatáin Bháite) uirthi. Thosaigh an teorainn ag dul ó dheas thart ar an 8ú haois go dtí an 11ú haois, go dtí an áit nár athraíodh go dtí an tréimhse comhaimseartha. Ba iad cúigí ar nós Saintonge, Aunis, Angoumois, agus cuid mhór de Poitou na cúigí a bhí ina gcuid den "Occitania submersa". [2]

Sa Mheánaois, ba iad trúbadóirí na hOcsatáin an foinse is mó do litríocht Ocsatáinise. Chuireadh siad an ainm "lengua romana" (teanga Rómhánach) uirthi uaireanta. I gcáipéisí oifigiúla ón am sin, luadh í mar "roman" i gcodarsnacht leis an bhFraincis, nó "langue du roi" (teanga an rí). Úsáideadh an Ocsatáinis mar teanga oifigiúil litríochta na hAragóine, mar chuid de phleananna Rí na hAragóine, Alfons II, i bProvence. [3]

Ón 12ú haois, chuaigh an Ocsatáinis i laghad mar teanga litríochta mar gheall ar fhorbairt fheidhm na Fraincise mar teanga riaracháin. Chuir Conradh na Villers-Cotterêts an Fhraincis ina haon teanga oifigiúil den ríocht, a raibh éifeacht diúltach aige do ghradam na hOcsatáinise. Neartaigh an meath sin le Réabhlóid na Fraince. Chuir an rialtas réabhlóideach an ainm "patois" (teanga neamhchaighdeánach) ar mhionteanga na Fraince ar nós na hOcsatáinise, agus bhí sé i gceist acu Fraincis chaighdeánach a chur ina n-áiteanna go hiomlán. [4]

Sa bhliain 1882, cuireadh i bhfeidhm dlí Ferry, a raibh i gceist aige oideachas saolta a chur chun cinn. Áfach, cuireadh pionóis náireacha ar dhaltaí in aghaidh labhairt na mionteangacha ar scoil, beart ar a dtugtar "vergonha" (náire) san Ocsatáinis. [5]

Vergonha: "Labhraígí as Fraincis, bígí glan", Póstaer a chuireadh i scoil sa chuid Chatalónach den Fhrainc.

Fóineolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo a leanas fardal fóineolaíochta na hOcsatáinise (sa chanúint Lenguadocien): [6]

Déliopach Liopach-Déadach Ailbheolach Iaraibheolach Carballach Coguasach
Pléascach p b t d k g
Aifricéad t͡s t͡ʃ d͡ʒ
Srónach m n
Tríleach r ɲ
Flapa ɾ
Cuimilteach f (v) s z (ʃ)
Cliathánach l ʎ

Na gutaí:

Tosaigh Cúil
Neamhchruinn Cruinn Cruinn
Dúnta i y u
Lárdhúnta e
Lároscailte ɛ ɔ
Oscailte a

Faightear an fardal iomlán i siollaí aiceanta amháin. I siollaí gan aiceann, Ní fhaightear /ɛ/, agus faightear /ɔ/ mar leagan difriúil de /a/ amháin i siollaí deiridh. Is guta corrach é /y/, a gcuirtear ceann eile de na gutaí dúnta (/i/, /u/) ina áit go minic, agus is annamh a thagann sé i siollaí deiridh freisin. [7]

  1. "Dante: De Vulgari Eloquentia I". www.thelatinlibrary.com. Dáta rochtana: 2026-03-28.
  2. Louise Esher; Jean Sibille (2024). "Manuel de Linguistique Occitane" (v.35). Berlin/Boston: Walter de Gruyter GmbH.
  3. Linda Paterson (1995). "The world of the troubadours: Medieval Occitan Society, c. 1100 - c. 1300". Cambridge: Cambridge Univ. Press.
  4. Joubert, A. (2011). A comparative study of the evolution of prestige formations and of speakers' attitudes in Occitan and Catalan. The University of Manchester (United Kingdom).
  5. Geddie, V. J. (2014). The Use of Occitan Dialects in Languedoc-Roussillon, France.
  6. Christoph Gabriel, Randall Gess, Trudel Meisenburg (2021-11-08). "Manual of Romance Phonetics and Phonology". De Gruyter. doi:10.1515/9783110550283.
  7. Müller, D., & Martín, S. (2012). A preliminary acoustic study of the Occitan vowel system. Études de linguistique gallo-romane, 149-159.