Jump to content

Néaratharchuradóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is néaratharchuradóir[1] ann ná ceann den iliomad ceimiceán a fheidhmíonn mar iompróirí comharthaí trasna sionapsaí san inchinn nó an córas néarógach idir néaróin, sa cholainn i gcoitinne idir néaróin is matáin nó faireoga. Is iad na néaratharachuradóirí is tábhachtaí ná aicéitiolcoilín, aidréanailín (eipineifrín), noireipineifrín agus séireatoinin. Tarlaíonn galair áirithe inchinne, mar ghalar Parkinson, de bharr easpa táirgeadh dopaimín (a ndéanann an cholainn eipineifrín as) agus nóreipineifrín, agus uaidh sin tarchur easnamhach trasna sionapsaí san inchinn.[2]

  1. “néaratharchuradóir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-16.
  2. Hussey, Matt (2011). "Néaratharchuradóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 480.