Séireatoinin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimiceán, ar monaimín é, atá dáilte go forleathan sa cholainn, go háirithe sa bhfuil, an inchinn is cealla ar leith sa phutóg. Sintéisítear é ón aimínaigéad tripteafan. Ról suntasach aige in hoiméastáis, agus dealraíonn sé go bhfeidhmíonn sé mar néaratharchuradóir sa néarchóras lárnach. Tagann sé san áireamh i gcodladh, fonn, tál prólachtaine, agus na rithimí laethúla.