Nuachtán



Is iris ina fhoilsítear nuacht agus faisnéis eile é nuachtán. Clóbhuailtear ar pháipéar tanaí é.
Foilsítear nuachtáin gach lá, gach seachtain nó gach mí nó níos minicí, amhail gach ré lá nó dhá uair sa seachtain.
Bíonn ailt i nuachtáin dírithe ar pholaitíocht, spórt, siamsaíocht, an gheilleagar, oideachas, eolaíocht agus a lán nithe eile nach iad.
An ré dhigiteach sa 21ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsítear nuachtáin ar fad na cruinne gach lá. Is iad ceann de na bealaí is tábhachtaí atá ag daoine nuacht a fháil. Ach tá na nuachtáin faoi bhrú ón nGréasán Domhanda mar is féidir an t-eolas a fhoilsiú láithreach ar na ngréasán. Anois is ar na meáin shóisialta a dhíríonn tromlach na hóige. Níl a dhath iontais le déanamh de sin. Tá an bealach nua níos tapúla, níos gonta agus níos saoire.[1]
In 2024,dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Mediahuis (úinéir an Irish Independent), Peter Vandermeersch, go mba é an bás a bhí i ndán don nuachtán laethúil.[2] Tá titim ollmhór ar dhíolachán páipéir nuachta ar fud a domhain le 20 bliain anuas agus sin an fáth a bhfuil leithéidí Mediahuis ag díriú ar na meáin dhigiteacha.
Teacht na teicneolaíochta nua-aoise is mó is cúis le meath an pháipéir nuachta. Meastar go bhfuil 3,000 níos lú nuachtán sna Stáit Aontaithe ná a bhí in 2025. Sa mBreatain facthas deireadh ré ag beagnach 300 nuachtán áitiúil san achar sin – bhí oiread á bhfoilsiú san 18ú céad agus atá inniu.
Sin ráite, gá suaimhneas éicint ag baint i gcónaí le bheith ag léamh leathanaigh nuachtáin. Ní thagann a leithéid chun cinn agus duine ag breathnú ar scáileán beag agus ag fliceáil chuile dhara soicind.[1]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an Irish Independent an ceann laethúil is mó a bhfuil ceannacht sa tír seo air – fós tá an díolachán tite go dtína leath nach mór idir 2015-2025.[3] B’in an fáth, agus iad ag snámh in aghaidh easa, gurbh é an rud ba thúisce a rinne Mediahuis nuair a cheannaigh siad é in 2020 ná eagrán digiteach den nuachtán a chruthú don chéad uair ariamh. Sa bhliain 2025 bhí 100,000 duine ag íoc síntiús leo ar a shon.[1]
Liosta nuachtán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (22 Feabhra 2026). "Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
- ↑ Cantillon. "Mediahuis Ireland prepares for the digital storm" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-22.
- ↑ Pádhraic Ó Ciardha (Iúil 2019). "Staid Reatha agus Treochtaí Earnáil na Meán in Éirinn, Páipéar Taighde d’Fhoras na Gaeilge". Dáta rochtana: 2026.