Nikolai Ivanovich Yezhov
Oifigeach póilíneachta Sóivéadach rúnda faoi Iósaf Stailín a bhí in Nikolai Ivanovich Yezhov nó Ezhov (Rúisis: Николай Иванович Ежов, 1 Bealtaine 1895 - 4 Feabhra 1940). Ba cheannasaí an NKVD (Daonchoimeasáracht na mBeartas Inmheánach) é, ó 1936 go 1938, le linn na tréimhse is dúnaimhde den Oll-Phurgú. Tugtar an "Yezhovshchina" air (Rúisis: Ежовщина), téarma a chumadh le linn feachtais dí-Stailínú na 1950í. Tar éis dó bheith i gceannas ar mhaisghabhálacha agus básuithe le linn an Oll-Phurgaithe, d'fhulaing Yezhov an deireadh céanna. Gabhadh é, d'admhaigh sé go raibh sé ciontach agus é faoi chéasadh go raibh sé freagrach as réimse gníomhaíochtaí frith-Shóivéadacha, agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1940. Faoi thús an Dara Cogadh Domhanda, bhí stádas an neamhdhuine pholaitiúil aige, laistigh den Aontas Sóivéadach.
| Is síol beathaisnéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol a bhaineann leis an Úcráin é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |