Nikephorus II Phokas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNikephorus II Phokas

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith912
An Chapadóic (an Impireacht Bhiosántach)
BásNollaig 969
56/57 bliana d'aois
Cathair Chonstaintín Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Dícheannadh)
Áit adhlacthaChurch of the Holy Apostles (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Impire Biosántach
16 Lúnasa 963 – 11 Nollaig 969
← Romanos II (en) AistrighJohn I Tzimiskes (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtGabháil na Créite ag na Biosántaigh agus Léigear Aleppo (962)
Lá féile11 Nollaig Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachPhokas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileTheophano (963–969) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBardas Phokas Mór
SiblínLeo Phokas Óg
Duine muintearthaBasil II (leasmhac)
Theodore Parsakoutenos (en) Aistrigh (mac deirféar) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 46962858 Cuir in eagar ar Wikidata

An tImpire Biosántach idir 963 agus 969 ab ea Nikephorus II Phokas (nó Nicephorus II Phocas; 912 – 11 Nollaig 969). In ainneoin an ratha mhíleata a bhain sé amach le linn athbheochan na mBiosántach sa deichiú haois, impire conspóideach ab ea é i ndáiríre. De réir roinnt scríbhneoirí, eisean a spreag an choimhlint idir an Impireacht agus na Bulgáraigh, agus le linn dó bheith i réim, cailleadh an tSicil do na Moslamaigh. Anuas air sin, theip air dul i ngleic le Otto I, rí Gearmánach a rinne ionradh talún ar an Iodáil. Ag an am céanna, d'éirigh leis Cilicia a ghabháil agus fiú an Chipir a athghabháil don Impireacht, éachtaí a chuir ar a chumas dó a ionraí féin a dhéanamh ar an Leiveaint níos déanaí, nuair a d'éirigh leis dul chomh fada le Jazira. Ní raibh gnaoi an phobail air ina thír féin: bhí air an ráta cánach a ardú chun na feachtais mhíleata ar fad a mhaoiniú, agus bhí seasamh éagsúil aige i leith ceisteanna diagachta, rud a tharraing drochamhras a chomhghuaillithe air. Bhí a nia, John Tzimiskes, i measc na ndaoine a chaill muinín as, agus de réir seo, ghabh sé cumhacht tar éis dó Nikephorus a mharú ina leaba.