Nicholas Culpeper
Jump to navigation
Jump to search
Nicholas Culpeper | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Surrey, Deireadh Fómhair 18, 1616 |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Bás | Londain, Eanáir 10, 1654 |
Cúis bháis | bás nádúrtha (eitinn) |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Cambridge |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | dochtúir leighis, luibheolaí, astralaí agus poitigéir |
![]() |
Astralaí is lia a rugadh i Londain ab ea Nicholas Culpeper (1616-1654). I 1649 d'fhoilsigh sé an chéad aistriúchán Béarla ar Pharmocopoeia Choláiste na Lianna i Londain, lámhleabhar údarásach na ndrugaí ceadaithe, a dtréithe, a n-úsáidí, a bhfo-iarsmaí, a n-ullmhúcháin is a ndáileoga molta: A Physical Directory (Eolaí Fisiciúil) a thug sé air. I 1652 d'fhoilsigh sé The English Physician (An Lia Sasanach) agus i 1653 The Complete Herbal (An Leabhar Críochnúil Luibheolaíochta).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |