Niall MacLeòid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall MacLeòid
Beathaisnéis
Breith1843
Bás1913
69/70 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na hAlban

Rugadh Niall MacLeòid (1843-1913) i nGleann Dail, An t-Eilean Sgitheanach, i mí an Mhárta 1843.[1] Bhí an-tóir air mar fhile agus mar amhránaí i measc Ghaeil na hAlban sa naoú haois déag.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne athair Néill, Dòmhnall MacLeòid, cineálacha éagsúla oibre. Bhí sé ina fhile cáiliúil freisin — tugadh 'Dòmhnall na nAmhrán' air — agus d'fhoilsigh sé dhá leabhar filíochta, ceann amháin sa bhliain 1811 agus ceann níos lú sa bhliain 1871.

Ní bhfuair Niall óg mórán teagaisc rialta, ach d'fhoghlaim sé léamh agus scríobh an Bhéarla gan mórán stró, oideachas a bhí go maith úsáideach ag an am. Is óna athair a fuair sé eolas ar fhilíocht na nGael, agus théadh sé go céilithe sa cheantar, áit ar casadh amhráin agus ar aithrisíodh scéalta.

Timpeall ar 1865, thréig sé a shaol faoin tuath agus chuir sé faoi i nDún Éideann, ag obair mar dhíoltóir siúil i gcomhlacht Ruairidh MhicLeòid a bhí ina chol ceathrair dó. Sa bpost sin, is minic a théadh sé go dtí Earra-Ghàidheal agus go dtí an tOileán Sgitheanach, cé go raibh sé sa deisceart uaireanta freisin. Bhain timpiste carráiste éisc dó is é ag dul in aois, agus tamall gearr ina dhiaidh sin d'éirigh sé as a phost. Fuair sé bás ar an 6ú lá de Mheán Fómhair 1913.

Thosaigh MacLeòid ar an bhfilíocht agus é fós óg. Foilsíodh go leor amhrán dá chuid i nuachtáin Ghaelacha agus bhain sé beagán clú amach. Sa bhliain 1883, foilsíodh "Clàrsach an Doire", bailiúchán amhrán leis féin, agus fuair an leabhar moladh mór, ní amháin in Albain ach thar sáile freisin. Cuireadh an dara heagrán den leabhar amach sa bhliain 1893, ina raibh tuilleadh amhrán agus ceithre scéal le fáil; foilsíodh an tríú heagrán (méadaithe arís) sa bhliain 1902, agus an ceathrú (le níos mó arís) sa bhliain 1909. Mar sin ba é MacLeòid amháin, i measc filí Gàidhlig, a chonaic ceithre eagrán de leabhar ina shaol féin. Tháinig an cúigiú heagrán amach sa bhliain 1924, agus an séú sa bhliain 1975. Chuir MacLeòid leabhar eile, "Wallace", i gcló sa bhliain 1896.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Thomson, Derick S. (1994). The Companion to Gaelic Scotland Glasgow: Gairm, 183
  • Macleoid, Niall. (1975). Clàrsach an Doire, Glaschú: Gairm ISBN 0-901771-48-1
  • MacLeod, Donald John. (1980). Twentieth Century Publications in Scottish Gaelic, Dún Éideann: Scottish Academic Press ISBN 0-707302-84-6
  • MacKinnon, Professor D., (1913). 'Neil MacLeod' i Celtic Review 9.