Niall Ó Brolcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiall Ó Brolcháin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Aibreán 1965
58 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
14 Nollaig 2009 – 25 Aibreán 2011
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Méara na Gaillimhe
2006 – 2007
Méara na Gaillimhe
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir de chuid an Chomhaontais Ghlais é Niall Ó Brolcháin. Toghadh é mar sheanadóir i Seanad Éireann i 2009. Bhí sé ina chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus bhí sé mar mhéara na cathrach sin ó 2006-2007. Toghadh é mar chomhairleoir áitiúil ar dtús sa bhliain 2004 ach theip air a shuíochán a choinneáil sna toghcháin áitiúla i 2009. Sheas sé ar son an Chomhaontais Ghlais sna hOlltoghcháin sna blianta 2002 agus 2007 ach theip air a bheith tofa chun na Dála.[1] Tá sé mar urlabhraí ag an gComhaontas Glas ar Ghaillimh agus ar Ghnóthaí Tomhaltóirí. Bhí sé freagrach as Polasaí Sláinte an Chomhaontais Ghlais a chur le chéile agus chaith sé tréimhse mar Urlabhraí Sláinte. Bhí ról lárnach ag Ó Brolcháin i go leor de na feachtais ba rathúla, go náisiúnta agus go háitúil.

Obair Pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chabhraigh Ó Brolcháin le Gaillimh a bheith ar an gCathair is Glaise, de réir cosúlachta, in Éirinn. Bíonn Gaillimh go síoraí ar bharr na gcairteanna athchúrsála agus tá stádas saor ó bhruscar bainte amach aici i suirbhé IBAL, agus í chun tosaigh ar aon chathair eile in Éirinn. Maidir le cúrsaí fuinnimh, tá go leor tionscnaimh dhearfacha ag tarlú agus dá moladh ag na Glasaigh. Ritheann an chuid is mó d'fheithiclí na Comhairle Cathrach ar bhithdíosal atá déanta as sean-ola glasraí agus atá meascaithe ag comhlacht áitiúil. Tá Bóthar na Trá á ghlasú le pleananna ann cumhacht gréine a úsáid chun an linn snámha a théamh. Is Toyota Prius é carr oifigiúil an Mhéara. Bronnadh dhá bhrat ghorma ar Chathair na Gaillimhe le gairid: ar Thrá Bhóthair na Trá agus ar Thrá na gCeann. Tá sé mar aidhm aige péire eile a fháil amach anseo. Tá sé mar aidhm aige freisin go mbeidh Cathair na Gaillimhe ar an gcéad Rialtas Áitiúil sa domhan a bhfuil an Brat Glas buaite ag chuile scoil.

Mar Mhéara, chuir Niall bunú oifig nua iompair do Ghaillimh chun cinn agus tá sé ag cur na Gaillimhe chun cinn mar chathair dhátheangach. Mhaoirsigh sé stráitéis radacach nua busanna do Chathair na Gaillimhe agus tá sé ag súil leis go bhfoilseofar Staidéar Riachtanas Áineasa agus Taitneamhachta go gairid. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Thionscadal Cheantar Abhantraí an Iarthair. Tá dul chun cinn á dhéanamh aige ar fheabhsúchán timpeallachta ar Uiscebhealaí na Gaillimhe a chothú freisin, chomh maith le bheith ag obair chun páirceanna na cathrach a fheabhsú.

Tá Ó Brolcháin ag iarraidh go bhfeabhsófar Margadh Sráide na Gaillimhe, rud a bhfuil an-tóir air cheana féin.[fíoras?] Tá Niall ina Chathaoirleach ar LTACC agus tá sé ag súil leis go ndéanfar athnuachan iomlán ar Láithreán Stad Cheathrú an Bhrúnaigh go gairid.

Tá sé ina Chathaoirleach freisin ar Choiste Chathrach na Gaillimhe um Thimpeallacht Nádúrtha agus Uiscebhealaí, grúpa atá ag súil leis go dtosófar go luath ar an mór-obair chun na 10 gcinn d’eis-phíobáin séarachais dheireanacha i gCathair na Gaillimhe a bhaint amach.

Mar Mhéara, chláraigh Niall Cathair na Gaillimhe mar an chéad chathair i bPoblacht na hÉireann a bhain stádas Chathair Shláintúil WHO [An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte] amach, i Turku san Fhionlainn le gairid.

Sonraí Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé pósta le Niamh Mulvany agus tá siad ina gcónaí lena gcúigear páistí i gCnoc na Cathrach i gCathair na Gaillimhe.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]