Neamhord mothachtálach séasúrach
Cuma
Cineál | dúlagar, galar síceasómatach agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | síciatracht agus síceolaíocht chliniciúil |
Cóireáil chliniciúil | |
Cóireáil | síciteiripe agus solas lánspeictrim |
Pataigineas | |
Cúis | dorchadas |
Aicmiú | |
ICD-10 | F33 |
ICD-9 | 296.99 |
Acmhainní seachtracha | |
MedlinePlus | 001532 |
Patient UK | seasonal-affective-disorder-pro |
MeSH | D016574 |
DOID | DOID:0060167 |
Dúlagar geimhridh de bharr easpa sholas na Gréine is ea neamhord mothachtálach séasúrach.[1] Bíonn tuirse is marbhántacht ar an bhfulangaí, chomh maith le dúil i gcarbaihiodráití, rud a chuireann lena mheáchan. Meastar go gcuireann an riocht seo isteach ar suas le 10% de dhaoine, a bheag nó a mhór, i rith an gheimhridh. Is eol go gcuireann solas isteach ar rithimí bitheolaíocha trí ábhair teachtaire hormónacha is néaraceimiceacha a fhuasclaíonn an fhaireog phinéalach. Is é an leigheas is fearr ná solas nádúrtha na Gréine, agus is maith d'an-chuid fulangaithe suí os comhair bosca solais ard-déine ar feadh 4-6 uair sa lá. Ní leor gnáthshoilsiú tí.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “seasonal affective disorder — Aistriúchán Gaeilge ar seasonal affective disorder (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-12-31.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Neamhord mothachtálach séasúrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |