Neamhleanúnachas Mohorovičić

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An crios idir screamh agus maintlín an Domhain, mar a bhfuil athrú tobann sa dlús agus luas tonn seismeach tríothu. Timpeall 6 km faoi ghrinneall an aigéin atá sé, agus suas le 60 km faoi dhromchla na n-ilchríoch. Ainmnítear é as an duine a d'fhionn é, an geofisicí Crótach Andrija Mohorovičić (1857-1936) a d'aithin é ó shonraí ar thonnta turrainge ó chreathanna talún i 1909.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Neamhleanúnachas Mohorovičić". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 465.