Naíonáin an Zú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióNaíonáin an Zú
TírÉire
Teangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
Fad na n-eipeasóidí25 min
Líon séasúr4
Líon eipeasóidí39

Clár faisnéise Gaeilge do pháistí atá á chraoladh ar TG4 ar aghaidh é Naíonáin an Zú.

Suite i mBeirlín, breathnaíonn an tsraith seo ar shaol Naíonáin an Zú sa lá atá inniu ann. Taispeánann Naíonáin an Zú saol na n-ainmhithe óga, óna gcéad laethanta ar an saol agus an aire go bhfaigheann siad ó lucht an Zú agus iad ag fás aníos.

Eipeasóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sraith Eipeasóidí Céad chraoladh Craoladh deireanach
1 10
2 10 13 Nollaig, 2014
3 10 29 Bealtaine, 2015
4 9

Sraith 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta
1 1 Eipeasóid 1
Tá a dóthain le déanamh ag Petra, an coimeádaí zú, leis na coileáin iaguar nuabheirthe. Caithfear iad a mheá ach ní fhanfaidh siad ar an scála!
2 2 Eipeasóid 2
Inniu beidh scrúdú á dhéanamh ar cheithre bhiontúrang as an Áise. Tá an chuid is mó acu ag déanamh thar cionn ach tá an ceann baineann lag go fóill. San uisceadán, tá Marco ag pórú ciclidí as Loch Victoria agus tá súil aige iad a chur ar ais ina ngnáthóg dúchais amach anseo. Beidh Reimon ag obair leis na hápaí atá i mbaol i gclós na n-ápaí.
3 3 Eipeasóid 3
De ghnáth is breá le tapir uisce ach ní maith le Maja an píobán uisce. Tá na hiaguair óga scaoilte amach sa chlós den chéad uair ach ní thaitníonn sé le ceann acu. Ní thuigeann an eilifint óg, Thuza, treoracha an choimeádaí.
4 4 Eipeasóid 4
Is minic go mbíonn ar na coimeádaithe na hainmhithe a choinneáil istigh - na míorchait, mar shampla, nuair a bhíonn siad in éadan a chéile.
5 5 Eipeasóid 5
Lá an-ghnóthach a bheidh ann inniu ar an gclár. Scaoilfear na pantair dhubha óga amach ina gclós nua.
6 6 Eipeasóid 6
Tagann ainmhithe óga ar an saol gach lá sa zú. Faoi láthair tá na toirtísí óga ag goradh. Caithfear iad a thomhais agus iad a mheáchan.
7 7 Eipeasóid 7
Níl an móralpaire seangán in ann a ceannín óg a bheathú. Caithfidh foireann an zú cúnamh a thabhairt di. Tá láma óg tagtha ar an saol ach níl sé in ann seasamh. Tá na coimeádaithe i gclós na mbéar an-ghnóthach go deo!
8 8 Eipeasóid 8
Caitheann fios a bheith ag an gcoimeádaí zú leis na hainmhithe nuabheirthe a láimhseáil sa zú.
9 9 Eipeasóid 9 27 Samhain, 2014
Tugtar cead amach don ghiorria óg agus tá gluaiseachtaí nua ag an eilifint óg, Koraya. Baistear an réinfhia óg.
10 10 Eipeasóid 10
Ní maith leis na harmadailíní óga a bpictiúr a thógáil. Bíonn a chéad fholcadh ag Dimas an eilifint. Faigheann na coimeádaithe deis dul an-ghar don órang-útan óg agus a mháthair.

Sraith 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta
11 1 Eipeasóid 1 13 Nollaig, 2014
Foghlaimíonn Dimas, an eilifint, cleas nua. Caitheann na coimeádaithe am in éineacht leis an mbéar gréine óg agus tá ainmhithe nua tagtha le taobh ghiorriacha an earraigh.
12 2 Eipeasóid 2 3 Eanáir, 2015
Lá an-ghnóthach a bheidh ann inniu ar an gclár. Scaoilfear na pantair dhubha óga amach sa chlós nua, dúisítear na cait iascaigh as a gcodladh agus cuirtear scrúdú ar na pandaí rua.
13 3 Eipeasóid 3 10 Eanáir, 2015
Casfaidh roinnt de na hainmhithe óga lena muintir den chéad uair inniu sa zú. Casfaidh na muca lomracha óga lena ndaidí den chéad uair agus tagann léamar dubh óg idir a mhamaí agus a dhaidí sa chlós. 
14 4 Eipeasóid 4 17 Eanáir, 2015
Nádúr na n-ainmhithe a bheidh faoi chaibidil inniu ..  an chontúirt atá ann go bplúchfadh na

seanchait na míorchait óga, mar a chuireann an tseaneilifint oiliúint ar na cinn óga agus mar a dhéanann an moncaí beag aithris ar an seanmhoncaí.

15 5 Eipeasóid 5 24 Eanáir, 2015
Ní fhaca tú samhail na n-ainmhithe óga ach naíonáin sa scoil ? ..  bíonn cuid acu an-mhúinte nuair a bhíonn an coimeádaí ag faire orthu, ach bíonn sé ina spraoi nuair a bhíonn siad as amharc! 
16 6 Eipeasóid 6 31 Eanáir, 2015
Tá an ghrian ag scalladh i mBeirlín inniu. Lá mór a bheidh ann do na capabáraí óga inniu. Tá an t-asal bídeach Carlos fanta in éineacht lena mhama de bharr eachtra a tharla leis na coimeádaithe. Tagann cuairteoirí gan choinne chuig giorriacha an earraigh, Mia agus Manuel.
17 7 Eipeasóid 7
Casfaidh dhá chaitín óga ar a chéile den chéad uair. Is maith leis an lao antalóip Bongó nach mbíonn sa chlós ach é féin agus a mhama. Is maith leis an mbéar beag dubh as Meiriceá, Fargo, a bheith ag aclaíocht.
18 8 Eipeasóid 8
Scaoilfear amach na lincsí cluasdubha inniu atá coinnithe istigh le 11 seachtain. Tá neart réinfhianna óga ag teacht ar an saol i gclós na réinfhianna, sé cinn le 10 lá.
19 9 Eipeasóid 9
Ní bhíonn an saol éasca ag na hainmhithe óga go háirithe ainmhithe atá á dtógáil ag ainmhí eile seachas a mianach féin. Tá an t-órang-útan óg millte agus faigheann an ceann is fearr ar a mhuintir.

Sraith 3[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta
21 1 Eipeasóid 1 29 Bealtaine, 2015
Tá na liopaird óga sách achrannach inniu. Tá na muca óga bailithe thart ar na coimeádaithe agus tá mac tíre óg leis féin sa chathair. Tá Jule, an sioráf óg, ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an gcoimeádaí.
22 2 Eipeasóid 2
23 3 Eipeasóid 3
Tagann ainmhithe óga nua ar an saol gach lá sa zú ach ní hé sin le rá go mbíonn am ag mamaí aire a thabhairt dóibh i gcónaí.
24 4 Eipeasóid 4
Tá sé an-tábhachtach go mbeadh ainmhithe óga an zú in ann seasamh ar a gcosa féin.
25 5 Eipeasóid 5
Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith i do chónaí in éineacht le hainmhithe eile.
26 6 Eipeasóid 6
Is breá leis na béir dhubha Mheiriceánacha a bheith ag dreapadh sna crainn ach bíonn an-imní ar na coimeádaithe fúthu.
27 7 Eipeasóid 7
28 8 Eipeasóid 8
29 9 Eipeasóid 9
30 10 Eipeasóid 10
Tá chuile chompord ag na hainmhithe óga sa zú.

Sraith 4[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir # Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
31 1 Eipeasóid 1
32 2 Eipeasóid 2
Is breá leis na dobhareacha a bheith ag snámh ina linn snámha atá chomh mór le ceann a d'fheicfeá sna cluichí Oilimpeacha.
33 3 Eipeasóid 3
34 4 Eipeasóid 4
Ní mór do ainmhithe an zú a bheith in ann seasamh ar a gcosa féin, mar Sina an moncaí.
35 5 Eipeasóid 5
36 6 Eipeasóid 6
37 7 Eipeasóid 7
Ag spraoi a bheidh na hainmhithe óga inniu. Beidh na diongónna óga ag spraoi in éineacht.
38 8 Eipeasóid 8
39 9 Eipeasóid 9
Tá gach ainmhí óg sa zú speisialta. Tarraingíonn na langúir óga agus a gcuid fionnaidh álainn oráiste neart cuairteoirí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]