Naomh Aodhán (Maodhóg)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois Contae an Chabháin |
Bás | 627 Fearna |
Easpag | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart |
Mac/iníon léinn de chuid | Naomh Dáibhí agus Fionnán Chluain Ioraird |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ardú | |
Lá féile | 31 Eanáir |
Easpag Fhearna ba ea Naomh Aodhán (nó Áedan, Aidan, srl) timpeall 550-558. Ceiliúrtar a lá féile ar 31 Eanáir.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aodh an t-ainm baiste a bhí air (nó Aedh, Aed srl nó Hugh i mBéarla).
Thugtaí M’Aodhóg nó Mo Aodh Óg mar ainm ceana air (nó Saint Máedóc of Ferns nó Mogue i mBéarla uaireanta[1]).
Is ó na focail ar ‘tine’ nó ‘solas’ a tháinig an t-ainm Aodh is cosúil, dia as an domhan thíos.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mBréifne[3], i gContae an Chabháin, a rugadh Aodhán, b'fhéidir.[4][5][6][7] Thug a athair é mar ghiall do Ainmire, Rí na hÉireann, a bhí chomh sásta sin leis gur thug sé a saoirse dó féin agus do na gialla eile. Rinne sé staidéar faoi Naomh Dáibhí sa Bhreatain Bheag.
Ceannaire reiligiúnach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d’fhill Aodhán, bhunaigh sé mainistir i bhFearna. Rinneadh easpag ansin de, an chéad easpag ar Fhearna, agus bhí cáil na naofachta agus na féile air.
Níos déanaí, bhunaigh sé mainistir i nDroim Leathan agus ceann eile i Ros Inbhír.
D’éag sé sa bhliain 626. Dearbhaíonn na Beathaí a scríobhadh faoi gur mhór an urraim a bhí ag an bpobal dó i ndeoisí Chille Móire agus Fhearna.
Míorúilti, iontais agus piseoga
[cuir in eagar | athraigh foinse]• Rinne Aodhán troscadh ar uisce agus ar arán eorna amháin ar feadh seacht mbliana agus dúirt 500 salm in aghaidh an lae,deirtear.[5]
• Ghléas daoine mar bhacaigh le cluain a chur ar Aodhán agus cabhair a lorg uaidh. Thuig Aodhán an méid a bhí déanta acu agus bhronn sé a gcuid éadaí ar bhochtáin a raibh sé tuillte acu.
• Lá agus é ag guí is ag staidéar, rith fia ina threo agus dídean ó chú á lorg aige. Leag sé clár scríofa a bhí aige anuas ar cheann an fhia, agus d’imigh sé ó radharc go dtí gur imigh an cú.
• Bhí amhras ann go raibh beirt fhear a thit san abhainn báite, ach rug Aodhán beo as an uisce orthu.
• Rinne a lucht leanúna gearán faoi nach raibh go leor uisce sa mhainistir acu. Thug sé treoir dóibh crann a leagadh, agus nuair a rinneadar amhlaidh tháinig brúcht uisce ón gcrann. Tugadh tobar Aodháin ina dhiaidh sin air.[5]
• Nuair a bhí gá ann mainistir a thógáil, bheannaigh sé lámha fhir gan oiliúint agus rinneadh saor cloiche as, duine a rinne tógáil agus maisiú ar mhainistreacha Aodháin.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Máedóc of Ferns" (as en) (2018-08-11). Wikipedia.
- ↑ dioceseofkerry.ie (2012). "Seachtain Na Scoileanna Caitliceacha 2012". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ "Naomh Aodhán (Maodhóg), easpag: Eanáir 30 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2019-01-30.[nasc briste go buan]
- ↑ ach in Eachra, Co Laois, Maodhóg nó Aodhán (‘Aedan Echaird’, Corpus Genealogiarum Sanctorum Hiberniae 707.11) ab ainm don naomh a bhí ina chónaí in Eachaireadh. "Bábhún Eachra/Baunaghra" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-01-31.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 "Rugadh i gConnacht é" anseo .... catholicbishops.ie (2013). "Seachtain na Scoileanna Caitliceacha 2012". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Classroom Resources – Diocese of Kerry" (en-US). Dáta rochtana: 2022-01-31.
- ↑ "January Liturgical Calendar 2021 - Diocese of Ferns" (en-US). Dáta rochtana: 2022-01-31.