Jump to content

Naomh Aodhán Lindisfarne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Aodhán Lindisfarne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 590
Cúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Lúnasa 651
60/61 bliana d'aois
Dún Guaire Cuir in eagar ar Wikidata
1 Easpag Lindisfarne
635 – – Finan of Lindisfarne (en) Aistrigh →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmeaspag Caitliceach (635–), sagart Caitliceach, misinéir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnCedd
TeangachaBéarla
Ardú
Lá féile31 Lúnasa Cuir in eagar ar Wikidata

Ba naomh é Aodhán Lindisfarne, easpag agus misinéir rialta[1].

Bhunaigh sé mainistir Lindisfarne ar chósta thoir thuaidh Shasana[2]. I 635 ba iad manaigh Éireannacha as mainistir Í in Inse Ghall, faoi stiúir an easpaig Aodhán, a lean den chraobhscaoileadh nuair a bhunaigh siad mainistir Lindisfarne, ar oileán amuigh ó chósta Northumberland.

Holy Island
Aidan, Lindisfarne

Ba de shliocht Éireannach é Naomh Aodhán agus bhí sé ina mhanach de chomhthionól Oileán Í[3].

Dealbh Saint Aidan agus Lindisfarne Priory

Nuair a díbríodh Oswald, Rí Northumbria, as a ríocht tháinig sé ar lorg tearmainn i mainistir Oileán Í. Nuair a d’fhill sé abhaile chun dul arís i gcoróin, thug sé cuireadh do Naomh Aodhán teacht leis lena mhuintir a aisiompú chun an chreidimh.

Lonnaigh Aodhán i Lindisfarne agus is ansin a bhí a lárionad misinéireachta. Le cuidiú an Rí, a bhí mar theangaire aige, d’éirigh go han-mhaith leis an misean.

D’éag sé i Northumberland ar an 31 Lúnasa 651.

  1. https://www.lindisfarne.org.uk/general/aidan.htm
  2. Léirmheas. Feasta 62 (1), 19-23. Gearóid Ó Clérigh. http://www.feasta.ie/ Lch: 19-23 2009-01-01
  3. "Naomh Aodhán Lindisfarne, easpag agus misinéir rialta: Lúnasa 31 | Cumann na Sagart" (en). www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2018-08-31.[nasc briste go buan]