Naoise Ó Cearúil
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Cill Dara Thuas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÉireann, Má Nuad |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Is polaiteoir de chuid Fhianna Fáil é Naoise Ó Cearúil (a rugadh in 1988/1989) [1] atá ina Theachta Dála (TD) do dháilcheantar Chill Dara Thuaidh in Olltoghchán 2024. [2] [3]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh agus tógadh i Maigh Nuad é agus cuireadh oideachas air i Léim an Bhradáin, i gCill Choca agus i Maigh Nuad. Is céimí é de chuid Ollscoil Mhá Nuad áit ar bhain sé Baitsiléir Gnó agus Dlí amach sa bhliain 2011 agus Dioplóma sa Ghaeilge. Le linn dó a bheith i Maigh Nuad, bhí sé ina uachtarán ar Chuallacht Cholmcille[4], agus ar Dhlí-Chumann Mhá Nuad (Béarla: Maynooth Law Society).[5][6]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh é ar Chomhairle Contae Chill Dara é den chéad uair ag toghcháin áitiúla 2014 do thoghcheantar áitiúil Mhaigh Nuad agus é 24 bliain d’aois. Atoghadh é sa bhliain 2019 agus arís sa bhliain 2024 agus bhí sé ina Mhéara ar Chill Dara ó 2021 go 2022. Roghnaíodh é le rith in olltoghchán 2024 in éineacht le James Lawless, agus toghadh an bheirt acu don pháirtí sa toghcheantar méadaithe cúig shuíochán. [7]
Sular toghadh chun na Dála é, bhí sé ag obair in earnáil na teicneolaíochta i gCill Dara. [8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Kildare North: Naoise Ó Cearúil (FF)”. The Irish Times (2 December 2024). Dáta rochtana: 29 December 2024.
- ↑ “Naoise Ó Cearúil”. Oireachtas Members Database. Dáta rochtana: 29 December 2024.
- ↑ “The TDs elected to the 34th Dáil on Day Three of counting”. RTÉ News. Dáta rochtana: 2 December 2024.
- ↑ Cuallacht Cholmcille, Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
- ↑ https://mulife.ie/society/law#:~:text=Maynooth%20Law%20Society%202023/24
- ↑ “Maynooth University Business and Law graduate is new Mayor of Kildare” (en). maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 23 July 2021.
- ↑ “Naoise Ó Cearúil”. ElectionsIreland.org. Dáta rochtana: 29 December 2024.
- ↑ “Naoise Ó Cearúil” (en). fiannafail.ie. Dáta rochtana: 29 December 2024.