Na deartháireacha Noel agus Pádraig Ó Dugáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaNa deartháireacha Noel agus Pádraig Ó Dugáin
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2004 –
SeánraCeol tíre traidisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Musicbrainz: e30ace35-70ce-4da6-9dfb-24bc41b1e3db Discogs: 1688864 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhunaigh an cúpla Pádraig agus Noel Ó Dúgáin an sárghrúpa Clannad i nGaoth Dobhair sa bhliain 1970 i gcomhluadar a nianna agus a neachtanna i gclann Uí Bhraonáin, Máire, Ciarán, Pól agus Enya.[1] Uncailí le muintir Bhraonáin – Ciarán, Pól, Moya agus Enya ab ea Pádraig agus Noel.[2]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Pádraig agus Noel i nGaeltacht Ghaoth Dobhair agus bhí siad ar an mbeirt ab óige den seisear clainne a bhí ag Aodh agus Máire Duggan.

D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus lena gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil.[2]

Bhíodh Noel ag seinm, ag canadh agus ag cumadh amhrán don ghrúpa. Bhíodh Pádraig ag seinm giotáir. Thug siad chéad turas le Clannad ar Mheiriceá sa mbliain 1979 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin thug siad an sintéiseoir isteach sa ngrúpa, rud a spreag an t-ainm don chéad albam eile Fuaim.[3]

Noelː Féile Lorient 2013

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus sos á thógáil ag Clannad chuir Pádraig agus Noel albam dá gcuid féin, Rubicon, amach in 2005.

Ainneoin gur iomaí cineál fuaime a bhain Pádraig agus Clannad as uirlisí éagsúla ina gcuid taistil as baile, bhí baint mhór aige le teagasc an cheoil feadóige agus fífe ina pharóiste féin agus le buíonn fífeanna Ghaoth Dobhair mar is léir ó ranganna ann i 1984.[3]

Pádraigː Lorient 2013

Bhásaigh Noel Ó Dúgáin go tobann ar 16 Deireadh Fómhair 2022 agus é amuigh le cairde i nDún na nGall. Bhí sé 73 bliain d’aois.[4]

Bhí Pádraig tinn ar feadh tamaill sna 2010idí agus fuair sé bás in Ospidéal Bhaile Bhlainséir sa bhliain 2016.[5][6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear as Dobhar, RTÉ (2016), Sa chlár seo caitheann Dónall Mac Ruairí súil siar ar Phádraig, ar an méid a bhain sé amach, an tionchar a bhí aige ar an ghrúpa, agus an bhearna atá fágtha ag a bhás.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2016-08-09). "An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 "Clannad ‘croíbhriste’ ag bás Noel Uí Dhúgáin, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2016-08-09). "An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin tar éis bháis" (as ga-IE). 
  4. "Death Notice of Noel Ó Dúgáin" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  5. "Death Notice of Pádraig Duggan" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2022-10-17.
  6. "An ceoltóir Pádraig Ó Dúgáin as Gaoth Dobhair, duine de bhunaitheoirí Clannad, imithe ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-17.