Na Seacht dTúr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Na Seacht dTúr
Íomhá
Sonraí
CineálForbraíocht tithíochta
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°23′51″N 6°16′03″W / 53.3975°N 6.2675°W / 53.3975; -6.2675

Is é "Na Seacht dTúr" ainm na bhfoirgneamh a tógadh i mBaile Munna, bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, idir na blianta 1966 go 1969.

Ag an am sin, bhí fadhbanna tithíochta i lár Bhaile Átha Cliath agus bhí go leor daoine ina gcónaí i bhfoirgnimh chontúirteacha Seoirseacha a bhí ag titim as a chéile. Cheap an rialtas gurbh é an réiteach ná árasáin ardstóracha nua a thógáil.

Tógadh seacht dtúr 15 stór agus baisteadh iad le hainmneacha an tseachtair cheannairí stairiúla ón Éirí Amach 1916, a bhí á cheiliúradh sa bhliain 1966. Chomh maith le sin, tógadh naoi mbloc déag ocht stór in airde (iad roinnte idir na ceantair Baile Bhúséir, Baile Cora, Coltraí, Seangán agus Saileog) agus fós deich cinn eile le ceithre stór (roinnt acu i Seangán agus Saileog, agus cuid eile i gCnoc an Ghainimh chomh maith).

Ag an am ba shiombail iad na harasáin de nua-aimsearthacht an stáit ach níor tugadh aire maith do na foirgnimh agus bhíodh fadhbanna cothabhála rialta ann le himeacht ama. Mar shampla, ní bhíodh na hardaitheoirí ag oibriú agus bhíodh ar dhaoine an staighre a úsáid, fiú iad a bhíodh ina gcónaí ar an gcúigiú stór déag agus pram á iompar acu. Bhí fadhbanna le drugaí sa cheantar, bochtaineacht agus eisiamh. Tá tagairtí san amhrán "Running to stand still" le U2, a d'fhás a bpríomhamhránaí Bono suas sa cheantar, do na fadhbanna seo. Tagraíonn líne an amhráin dó "Feicim seacht dtúr ach ní fheicim ach slí amháin amach" - is é sin, bás ó ródháileog drugaí.

Mar thoradh ar na fadhbanna go léir, thóg an rialtas an cinneadh na foirgnimh a leagan - dhéanfaidís iarracht an ceantar a thabhairt ar ais. Cuireadh tús le próiseas athghiniúna i 1997. Bhí sé as na seacht dtúr faoin mbliain 2013. Scriosadh an túr deireanach sa bhliain 2015 agus leis sin d'imigh ceann de shainchomharthaí Bhaile Átha Cliath. Idir shainchomhartha fhísiúil agus shainchomhartha staire a bhí ann.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]