Móta Dhún Dealgan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Móta Dhún Dealgan
Íomhá
Sonraí
CineálMóta agus bábhún agus caisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDún Dealgan, Éire
Map
 54°00′50″N 6°25′49″W / 54.013889°N 6.430278°W / 54.013889; -6.430278
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir388

Séadchomhartha Náisiúnta (#388) is ea Móta Dhún Dealgan, suite i nDún Dealgan, Contae Lú, Éire.[1]


Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Móta Dhún Dealgan suite thost ó thuaidh de Dún Dealgan féin agus thiar ó Ascaill an Mhóta,[2] ar dhroim óna bhfuil radharc ar Abhainn Chaisleán Dhún Dealgan.[3]

Seanscéal agus luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir roinnt seanscéalta, is é an áit ar a tugadh Cú Chulainn ar an saol, agus is ann a lonnaigh sé féin sa Táin Bó Cúailgne. Maíonn Annála na gCeithre Máistrí gur tharla cath anseo in AD 500.[4]

I gcuir síos luatha, ní ghlaoitear ar an áit ach Dealga, agus nuair cuireadh an dún leis tar éis 1002. D'fhéadfadh é dá bharr nár tógadh dún go dtí an linn sin. Toclaíodh uaimh thalún Z-chruthach, 17m ar fad, isteach sa chnoc sa ré Gaelach.

Móta Normannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas Bheartraim III de Verdun

Creidtear gur thóg Bertram III de Verdun (c.1135–1192) Móta Dún Dealgan, le bábhún laistigh thiar thuaidh. Daingean de chuid Hugh de Lacy in 1210 ab ea é, ach thréig sé é agus King John ar a thóir ó thuaidh. Ar 14ú Deireadh Fómhair 1318, tharla Battle of Faughart (Cath Fochairde), áit a tháinig feachtas Bhrúis in Éirinn chun críche, le bás Éadbhaird Bhrúis.[5][6]

Baois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh úinéir talún áitiúil darbh ainm Pádraig Ó Broin (Patrick Byrne, ar a tugadh go minic foghlaí de bharr foinse a shaibhris) teach Gotach a thógáil ar mhullach an chnoic. Rinneadh díobháil ar i rith an éirí amach 1798, agus níor fágadh ach túr caisealach ("Byrne's Folly" - Baois Uí Bhroin).

Atógadh an teach mar thearmann tuaithe in 1850 ag Thomas Vesey Dawson as a country retreat, ach tháinig drochbhail air agus ceannaíodh é ag Cumann Seandálaíochta agus Staire Chontae Lú le bheith ina mhúsaem. Rinneadh thuilleadh díobhála air i rith an tréimhse réabhlóidí (1919–23).[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]