Mykola Azarov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mykola Azarov
Mykola Azarov 2012.jpg
Teachta Dála na hÚcráine

Bealtaine 11, 1994 - Bealtaine 12, 1998
Aire Airgeadais na hÚcráine

Samhain 26, 2002 - Feabhra 3, 2005
Ihor Yushko - Viktor Pynzenyk
Príomh-Aire na hÚcráine

Nollaig 7, 2004 - Nollaig 28, 2004
Viktor Yanukovych - Viktor Yanukovych
Príomh-Aire na hÚcráine

Eanáir 5, 2005 - Eanáir 24, 2005
Viktor Yanukovych - Yulia Tymoshenko
Teachta Dála na hÚcráine

Bealtaine 25, 2006 - Meán Fómhair 12, 2006
Aire Airgeadais na hÚcráine

Lúnasa 4, 2006 - Nollaig 18, 2007
Viktor Pynzenyk - Viktor Pynzenyk
Teachta Dála na hÚcráine

Samhain 23, 2007 - Márta 11, 2010
Príomh-Aire na hÚcráine

Márta 11, 2010 - Eanáir 28, 2014
Oleksandr Turchynov - Serhiy Arbuzov
Teachta Dála na hÚcráine

Nollaig 12, 2012 - Nollaig 18, 2012
Saol
Eolas breitheKaluga, 17 Nollaig 1947 (75 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn tAontas Sóivéadach
An Úcráin
Muintir
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materGeological Faculty of Moscow State University (en) Aistrigh 1971)
Leibhéal oideachaisDoctor of Geological and Mineralogical Sciences (en) Aistrigh
TeangachaAn Rúisis
Surzhyk (en) Aistrigh
Gairm
Gairmpolaiteoir, státaire, múinteoir ollscoile, eacnamaí, innealtóir agus geolaí
FostóiríDonetsk National Technical University (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Náisiúnta Eolaíochtaí na hÚcráine
6th Verkhovna Rada (en) Aistrigh
5th Verkhovna Rada (en) Aistrigh
4th Verkhovna Rada (en) Aistrigh
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaParty of Regions (en) Aistrigh
Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh
IMDbnm12351451
TwitterAzarovNikolay_
Mykola Azarov signature.svg

Is polaiteoir Úcránach é Mykola Azarov (Úcráinis: Микола Янович Азаров, Mykola Yanovych Azarov), a rugadh faoin ainm Nikolay Yanovich Pakhlo (Rúisis Николай Янович Пахло), ar 17 Nollaig 1947. Ceapadh mar phríomh-aire na tíre é ar 11 Márta 2010. Ball de Pháirtí na Réigiún a bhí ann.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gKaluga na Rúise a saolaíodh Nikolay Yanoviich Pakhlo (fuair sé an sloinne Azarov óna bhean, Ljudmyla Mykolajiwna Asarowa). Ghnóthaigh sé céim ollscoile i Moscó sa bhliain 1971. Thug sé tamall ag obair mar inealtóir agus bainisteoir i mianach guail i dTula, 193 ciliméadar slí ó Mhoscó. Sa bhliain 1976 ghlac sé post in institiúid mhianadóireachta i Moscó.

D'aistrigh sé go dtí an Úcráin sa bhliain 1984, agus ghnóthaigh PhD sa geolaíochtgheolaíocht agus sa mhianreolaíocht sa bhliain 1986. Sa bhliain 1991 ghnóthaigh sé ollúnacht.

Chuaigh sé leis an bpolaitíocht sna 1990í mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre, ar a dtugtar Páirtí na Réigiiún anois. Sa bhliain 1994 toghadh mar bhall den Verkhovna Rada, parlaimint na hÚcráine, é.

Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ós rud é nár aistrigh sé chun na hÚcráine go dtí go raibh sé sé bliana is tríocha d'aois, níl Úcráinis mhaith aige. Gheall sé do mhuintir na tíre ar 10 Márta 2010 go n-úsáidfeadh sé féin agus a rialtas an Úcráinis agus é ina phríomh-aire, áfach.[1][2][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. REDIRECT Insert text