Jump to content

Murchad mac Máele Dúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Murchadh mac Maoil Dúin)
Infotaula de personaMurchad mac Máele Dúin
Beathaisnéis
Breith8 haois
Básluach anaithnid (>833)
Teaghlach
AthairMaol Dúin mac Aodha Alláin

Rí Ailigh de Cenél nEógain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Murchadh mac Maoil Dúin (Sean-Ghaeilge Murchad mac Máele Dúin) (beo 819–833). Maol Dúin mac Aodha Alláin (bás 788), iar-rí, ba ea a athair, Áed Allán (bás 743), Ardrí Éireann, a shin-seanathair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 819 go dtí 823.

Tháinig sé i gcoróin tar éis bás a ghaol, an tArdrí Aodh Oirdní sa bhliain 819. D'éirigh Conchúr mac Donnchadha (bás 833), de Clann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt, ina Ardrí, áfach. B'éigean do Mhurchadh lena linn sin caitheamh le dúshlán dá cheannas i measc Uí Néill an Tuaiscirt. Sa bhliain 819, chloígh sé Máel Bresail mac Murchada de Cineál iomaíochta Chonaill, a maraíodh sa choimheascar.[2]

Sa bhliain 820, rinne Murchadh triail ar an ard-ríogacht agus cuireadh i gceannas slua Uí Néill an Tuaiscirt go Druim ind Eich (Droimeanach? Áth Cliath), agus san am céanna chuaigh Conchúr le hUí Néill an Deiscirt agus na Laigin ó thuaidh. Níor tharla cath ámh.[3] Sa bhliain 822, rinne Murchadh iarracht eile ar an ard-ríogacht, agus cuid le fir an tuaiscirt go hArd Breacáin (Contae na Mí). Thréig faoi rún ansin go Murchadh fir Bhreá, faoi cheannas Diarmada mhic Néill (bás 826) de chlann Uí Chearnaigh, Síol Aodha Sláine. Rinne Conchúr ionradh ar Bhreá agus rinne campa ag Gualu. Rinne sé ionradh agus ar dheisceart Bhreá agus bhí ár mór d'fhir Bhreá agus ghéill Uí Chearnaigh.[4][5] Rinne Murchadh Cumascach mac Tuathail, rí of Ard Ciannachta, a dhúnmharú sa bhliain 822, is dócha mar dhíoltas as a chliseadh.[6]

Sa bhliain 823, cuireadh Murchadha as a choróin de bharr a chuid teipeanna ag a chol seisear, Niall Caille (bás 846).[7][8] Is amhlaidh gur ghlac Murchadh a chinniúint. Feictear é sin i dheireanach ag tacú le Niall agus Lochlannaigh in Daire Calgaig (Doire) a chloí sa bhliain 833.[9][10]

B'fhéidir é go raibh bean chéile Lochlannach ag Murchadh. Feictear sna ginealaigh mac leis darbh ainm Erulb, nó Herulfr as Sean-Ioruais.[11] B'athair Bhirn, sinsear Chlann Bhirn suite i nDún Geanainn, Tír Eoghain, é Ruairí, mac eile leis.

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Charles-Edwards, Appendix V
  2. Annála Uladh, AU 819.3
  3. AU 820.2
  4. AU 822.3
  5. Charles-Edwards, lch. 557
  6. AU 822.5
  7. AU 823.7
  8. Charles-Edwards, lch. 557
  9. AU 833.4
  10. Byrne, A New History of Ireland, lch. 612
  11. Byrne, NHI, lch. 612