Murchadh Ó Cuindlis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMurchadh Ó Cuindlis
Beathaisnéis
Breith14 haois
Bás15 haois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scríobhaí Éireannach ba ea Murchadh Riabhach Ó Cuindlis (fl. 1398 – 1418). Níl bliain a bhreithe ná bliain a bháis ar eolas againn. Is léir áfach go raibh sé ag obair mar scríobhaí idir na blianta 1398 agus 1418.

Meastar gur i mBaile Locha Deacair gar d'Áth Liag i ndeisceart Chontae na Gaillimhe a saolaíodh é: is ann a bhí “ferann ocus cuit Uí Chuinnlis". Mac léinn ag Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh ba ea é. Chabhraigh sé le Giolla Íosa agus Leabhar Mór Leacáin á scríobh aige siúd: tá cuid dá scríbhneoireacht ar fáil i Leabhar Buí Leacáin freisin. Scríobh sé an Leabhar Breac idir 1408 agus 1411. Chuir sé cuid mhaith dá chuid oibre i gcrích i Múscraige Thíre i gContae Thiobraid Árann, agus meastar gur chaith sé tréimhse i gCluain Lethan freisin.

Tá blúirí beaga beoga de phearsantacht an scríobhaí ar fáil ina nótaí imill, go mór mhór sa Leabhar Breac. Seo sampla:

“Tá in spideog derg uili, a Domnaill, ocus atusa am oenur.”

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]