Moyra Barry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMoyra Barry
Beathaisnéis
Breith1886
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Feabhra 1960
73/74 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Mhínealaíne Slade
Loreto College, Swords (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata

Faoi Moyra Barry[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ealaíontóir Éireannach í Moyra Barry. Rugadh í sa bhliain 1886 agus fuair sí bás ar an 2ú Feabhra 1960.

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Moyra Aloysius Barry i mBaile Átha Cliath mar an páiste is sine d'aon dhuine déag. Cuireadh 'Mary' uirthi óna tuismitheoirí Jane Barry agus Bernard Barry, a bhí ina ceannaí.

Óige agus Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Barry ar Loreto College, ansin rinne sí staidéar ag RHA (Royal Hibernian Academy) áit a bhuaigh sí duaiseanna do tharraingt agus ceapadóireacht, agus ag an Slade School of Fine Art i Londain, áit a bhfuair sí an chéad áit do phéinteáil ar an teilg.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na 1920idí, bhí cónaí uirthi agus thug sí ceachtanna príobháideacha Béarla agus péintéireacht in Quito, Eacuadór sna 1920idí, sular fhill sí ar theach an teaghlaigh i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath sna 1930idí. Bhí a saothar ar taispeáint go minic ag an RHA ó 1908-1952, agus ag reáchtáil roinnt seónna aonair san Angus Gallery ó 1932 ar aghaidh. Tugadh suntas di mar gheall ar a portráidí agus a tírdhreacha, ach bhain sí cáil amach as a cuid péintéireachta bláthanna a bhí déanta in olaí agus uiscedhathanna. Phéinteáil sí criosantamaim agus róslabhrais go minic. Sa bhliain 1941, chuir Dermod O' Brien, uachtarán an RHA síos uirthi mar "the finest painter of flowers alive" .

Saol déanach agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Barry bás ar an 2ú Feabhra 1960 i mBaile Átha Cliath. Adhlacadh í i Reilg Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir teacht ar saothar s'aici i roinnt dánlann Éireannach; cosúil le Crawford Muncipal Art Gallery, Co. Chorcaí, agus Iarsmalann Uladh, Béal Feirste agus sa National Gallery of Ireland.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • bliain - ''Connemara Girl''
  • bliain - "Roses"
  • 1920 - "Self portrait in the artist's studio"

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

https://www.dib.ie/index.php/biography/barry-moyra-aloysius-a0455v[nasc briste go buan]

https://www.adams.ie/irish-artist-directory/moyra-barry-art-sold-at-auction

http://www.dukestreetgallery.ie/store/category/376/354/Barry%2C-Moyra/ Curtha i gcartlann 2022-09-28 ar an Wayback Machine

https://www.whytes.ie/artist/moyra-barry/16714/?offset=1