Molière
Duine de phríomhdhrámadóirí na Fraince ab ea Molière (15 Eanáir, 1622 - 17 Feabhra, 1673). Rugadh é faoin ainm Jean-Baptiste Poquelin i bPáras i 1622.
Rinne sé staidéar ar an dlí in Orléans ach chuir a easpa codlata as dá chuid staidéir agus níor chríochnaigh sé iad. Bhuail sé leis na Béjart, muintir aisteoirí, agus bhunaigh siad L’Illustre Théâtre sa bhliain 1644. Is faoin am seo a thóg sé an t-ainm pinn Molière. Theip ar an ngrúpa sé mhí déag ina dhiaidh sin, de bharr fadhbanna airgid.
D'fhág na Béjart le Molière Páras i 1646 agus chuaigh siad go Bordeaux. Bhí Madame Béjart faoi choimirce an Diúc d’Épernon agus bhunaigh siad grúpa eile faoi stiúradh Charles Dufresne, ag taistil ar fud Languedoc. Thosaigh Molière ag scríobh thart faoin am seo, ag tosú leis na coiméidí La Jalousie du barbouillé agus Le Médecin volant.
Meascán de ghreann agus d'aoir atá ann.
Fuair sé bás conspóideach ar 17 Feabhra 1673, rue de Richelieu, i bPáras, Bhí an phríomhpháirt aige i ndráma a scríobh sé, Le Malade Imaginaire, agus bhuail taom croí é, b'fhéidir. Faoi strus, ní raibh sé ach 51 bliain d'aois ag an am.[1]
Na drámaí is tábhachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Le Médecin volant (1645)—The Flying Doctor
- L'École des femmes (26 Nollaig 1662; — The Amorous Flea nó The School for Wives
- Tartuffe ou L'Imposteur (12 Bealtaine 1664)—Tartuffe, or, the Impostor
- Le Misanthrope ou L'Atrabilaire amoureux (4 Meitheamh 1666)—The Misanthrope, or, the Cantankerous Lover
- Le Médecin malgré lui (6 L unasa 1666)—The Doctor in Spite of Himself
- L'Avare ou L'École du mensonge (9 M.F. 1668)—The Miser, or, the School for Lies
- Le Bourgeois gentilhomme (14 D.F. 1670)—The Bourgeois Gentleman
- Les Fourberies de Scapin (24 Bealtaine 1671)—The Impostures of Scapin
- Les Femmes savantes (11 Márta 1672)—The Learned Ladies
- Le Malade imaginaire (10 Feabhra 1673)—The Imaginary Invalid (or The Hypochondriac)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mort de Molière" (as fr) (2019-12-11). Wikipédia.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |