Moing mhear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMoing mhear
Conium maculatum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdApiales
FineApiaceae
GéineasConium
SpeiceasConium maculatum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda débhliantúil a fhásann 2.5 m ar airde, dúchasach don Eoraip is réigiúin mheasartha na hÁise, ach a tugadh isteach in an-chuid tíortha eile is ea moing mhear.[1] An gas cuasach eitreach le spotaí corcra, na duilleoga roinnte le teascáin ubhchruthacha fhiaclacha, na bláthanna bán gan seipil in umbail 2-5 cm ar leithead, an toradh ubhchruthach, an boladh bréan. Gach cuid nimhiúil mar go bhfuil an t-alcalóideach cuinín ann. Tá an nimh seo in úsáid leis na cianta, agus deirtear gurb í a tugadh do Shócraitéas.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Conium maculatum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Moing mhear". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 466.