Mo Ghrá-sa ⟮idir Lúibíní⟯

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mo Ghrá-sa)
Mo Grá-sa (idir lúibíní)

Níl mo ghrá-sa
Mar bhláth na n-airní
A bhíonn i ngairdín
(nó ar chrann ar bith)
is má tá aon gaol aige le nóiníní
is as chluasa a fhásfaidh siad
(nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos).


Ní haon ghlaise cheolmhar
Iad a shúile
(táid róchóngarach dá chéile
Ar an gcéad dul síos).


Is más slim é síoda
Tá ribí a ghruaige
(mar bhean dhubh Shakespeare)
In wire deilgní

Ach is cuma sin
Tugann sé dom
Úlla
(is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar
Caora fíniúna)


"Is má tá aon gaol aige le nóiníní/ is as chluasa a fhásfaidh siad"

Is dán Gaeilge é Mo Ghrá-sa (idir lúibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill.[1] Tá sé ar an ardteistiméireacht le haghaidh Gaeilge ardleibhéil agus Gaeilge gnáthleibhéil.


Téama[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Tugann sé dom/ ulla"

Tá cúpla téama sa “Mo Ghrá-sa (idir lúibíní)” ach gan aon agó tá grá gan chuntar an príomhthéama ach ní grá nósmhar traidisiúnta é.  Déanann an file iarracht chun a bheith réalaíoch. Ní fear dathúil é. Níl Ní Dhomhnaill ag maíomh go bhfuil a fear nó a fear céile láidir nó foirfe mar tuigeann sí níl aon fear foirfe ar an domhan ach is cuma léi mar ag an deireadh scríobh sí “tugann sé dom ulla/ (is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar/ caora fíniúna)."

Ag an tús an dán, tá magadh agus greann chun tosaigh ach feicimid íomhá diúltach nuair scríobh an file go bhfuil “Níl mo ghrá-sa/ mar bhláth na n-airní”.  Sa chéad véarsa, luaigh sí bláthanna agus tosaigh an léitheoir smaoineamh faoin dúlra ach níl dúlra an príomhthéama sa dán. Úsáideann Ní Dhomhnaill dúlra chun a cur dul síos an grá idir í féin agus a léanann. Mar sin féin, ní chuireann an file a grá i gcomparáid leis an dúlra.

Tá sí ag magadh a fear nó a fear céile ar fud an dán. Níl an fear seo dathúil tarraingteach in aon chor, an mhalairt ar fad atá fíor.  Ní tugann sé bláthann di agus mhol an dán sin nuair a luaigh sí na nóiníní. “Is má tá aon gaol aige le nóiníní/ is as a chluasa a fhásfaidh siad/ (nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos)”.  Mar sin féin, nuair atá sí ag magadh an fear, níor luaigh sí go bhfuil sí míshásta leis.[2]

Sa dara véarsa, scríobh an file faoi go leor fadhbanna lag a leannán.  Labhríonn sí faoin fadhbanna le a shúile “Ní haon ghlaise cheolmhar/ iad a shúile”.  Leanann an file ar aghaidh agus dúirt sí go bhfuil níos mó fadhbanna aici leis. Uair amháin eile, tá Ní Dhomhnaill ag cruthú íomhá gránna

Luann Ní Dhomhnaill tagairt don scríbhneoir Shakespeare ach níl ach tagairt achomair dó sa tríú véarsa.  Rinne Shakespeare comparáid idir gruaig a bhean agus “wire” i soinéad 130 (My Mistress’ Eyes are Nothing Like the Sun).  Scríobh sé sa soinéad 130 “If hairs be wires, black wires grow on her head” agus rinne Ní Dhomhnaill tagairt go soinéad 130 nuair a scríobh sí  sa “Mo Ghrá-sa” “Tá ribí a ghruaige’ ina wire deilgní”.  

Téama: Grá

Sa véarsa deireanach, feicimid an taobh eile.  Ag an tús agus ar fud an dán, tá Ní Dhomhnaill ag labhairt faoi na tréithe gránna ag a léanann agus ag deireadh deir an file “Ach is cuma sin”.  Tá fhios ag an bhfile níl an fear muirneach dathúil sa bhealach nósmhar ach tuigeann sí go bhfuil carachtar a ghrá níos tábhactaí ná a chuma.  Tugann a grá aire mhaith don fhile agus is é an rud is tábhachtaí ar fad.[3]

Ní dúlra an príomhthéama ach is téama é agus tá na híomhánna fréamhaithe sa dúlra.  Mar sin féin, tá grá an téama is tábhachtaí sa dán seo ach is aoir é seo ar na seandánta grá.  Tá sé soiléir go raibh an file ag magadh na seandánta grá mar is duine réadúil í agus tuigeann sí nach bhfuil aon caidreamh nó grá foirfe agus tá sé soiléir sa dán seo.

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cén fath go bhfuil go leor béim ar na híomhánna sa fhilíocht?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor béim ar na híomhánna sa fhilíocht mar cabhraíonn siad na léitheoir chun an dán a tuiscint.  Chomh maith leis sin, cabhraíonn siad na céadfaí den léitheeir. Cruthaíonn na íomhánna tuairimí éagsúla nó a mbrí féin. Úsáideann na filí aidiachtaí chun íomhá a cruthú.  Mar shampla, sa dán seo, d’úsáideann Ní Dhomhnaill “bláth na n-airní”, “slim é síoda” agus “wire deilgní”.  Cruthaíonn na aidiachtaí íomhá níos soiléir le haghaidh na léitheoirí.

Íomhánna sa "Mo Ghrá-sa (idir lúibíní)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon easpa samhlaíochta ar an dán seo. Tá go leor íomhánna den nádúr chun a fear nó a fear céile a cháineadh agus spiocadh.  Mar shampla, sa dara véarsa “iad a shúile/ (táid róchóngarach dá chéile ar an chéad dul síos)”.  Lean Ní Dhomhnaill ar aghaidh agus luaigh sí bláth na n-airní.  Níl aon rud speisialta ag na bláthanna na n-airní. Tá na bláthanna ag gach duine ina ngairdín.  Is bláth leamh é agus dúirt an file nach bhfuil a fear cosúil leo.

Go minic, rinne Ní Dhomhnaill cur síos íomhá gránna.  Sa chéad véarsa, scríobh sí faoin na bláthanna ag fás san chluasa an fhir.  “Is as a chluasa a fhásfaidh siad/(nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos)”.  Chomh maith leis sin, sa tríú véarsa scríobh an file faoin gruaig an fhir agus scríobh sí go bhfuil a ghruaig cosúil le “wire deilgní”.  “Tá ribí a ghruaige/(mar bhean dhubh Shakespeare)/ ina wire deilgní”.  Caithfear a admháil, níl an pictiúir a tharraingíonn sí de an-mhealltach.  

Sa véarsa deireanach, scríobh an file “Tugann sé dom/ úlla”.  Cruthaíonn an líne seo íomhá láidir mar léiríonn sé go bhfuil caidreamh speisialta acu agus is fear nua-aimseartha aige.  Is siombail den tsaoirse agus meas ar a chéile é.

Ar lámh amháin, ag an tús an dán, cruthaíonn an file íomhá gránna agus tosaigh na léitheoirí go bhfuil sí míshásta leis an fear ach ar lámh eile sa véarsa deireanach, cruthaíonn sí íomhá níos mó réadúil agus d’inis sí nach bhfuil sé foirfe ach tuigeann sí is iomaí cor a chuireann an grá de agus tá sí i ngrá leis.  [4]

Teicnící[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáid a bhaineann le lúibíní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na lúibíní tábhachtach sa dán seo mar léiríonn an file na léitheoirí go bhfuil sí ag magadh nuair atá sí ag labhairt faoi na tréithe gránna ag an bhfear.  Úsáideann sí na lúibíní ma pléitear an t-ábhar ar bhealach spríúil.

Meadaracht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tsaorvéarsaíocht atá mar mheadaracht an dáin.  Níl aon ríme ns siollaí sa dán seo.

Tá cúpla samplaí rím dheiridh.  Sa chéad véarsa úsáideann Ní Dhomhnaill na focail airní agus noiníní agus sa dara véarsa scríobh sí “iad a shúile/ (táid róchóngarach dá chéile)”.  Shúile agus chéile.  Is iad samplaí mar rím dheiridh.  

Faoin bhFile (Nuala Ní Dhomhnaill)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill i Lancashire, Sasana i 1952.  Nuair a bhí sí sé bliana d’aois bhog sí go dtí hÉirinn agus tógadh i gCorca Dhuibhne, Contae Ciarraí í.  Bhí a máthair ag iarraidh chun Nuala Béarla a labhairt mar cheap sí go mbeadh sé níos éasca ach bhí Gaeilge líofa ag a hathair agus labhair sí Gaeilge leis. I 1972, phós sí le Dogan Leflef.  Is as an Tuirc é. Bhí sí ina cónaí leis sa Tuirc le haghaidh seacht mbliana d’aois. Bhí ceathrar páistí acu.[5]

Nuala Ní Dhomhnaill

Rinne sí staidéar i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus fuair sí céim ar Ghaeilge agus Bhéarla.  Cúpla bhliain ina dhiaidh sin mhúin sí Gaeilge i gColáiste Bostún agus Ollscoile Nua-Eabhrac. Is í atá in ainm a bheith ina cathaoirleach de hOllscoile Villanova sa cumann Gaeilge agus san Léann Éireannach i Notre Dame.[6] 

Ghlac sí ballraíocht sa “Innti” i 1969 le Michael Davitt, Louis de Paor agus Liam Ó Mhuithile.  Ba cumann na filíochta í.[7]

Nuair d’fhill sí ar ais go dtí hÉirinn bhí sí ina cónaí i gContae Ciarraí.  Ansin, d’fhoilsigh sí a céad cnuasach filíochta. An Dealg Droighin an t-ainm ata ar an cnuasach siúd.  Anois tá níos mó ná ceithre chnuasach filíochta foilsithe aici.  Seo iad na dánta le Nuala Ní Dhomhnaill:

  • Feis (Maigh Nuad, 1991)
  • The Water Horse: Poems in Irish (Gallery, 1999, Aistriúcháin le Medbh McGuckian agus Eiléan Ní Chuilleanáin)

Bhuaigh sí go leor duiseanna.  Bhuaigh sí Duais an Lawerence O’Shaughnessy le haghaidh a filíocht, The American Ireland Fund Literary Award agus bhuaigh sí an Duais Seán Ó Ríordáin le haghaidh a cnuasaigh.  Chomh maith le sin, scríobh sí gach rud i nGaeilge ach aistríodh a drámaí go Fraincis, Gearmáinis, Polainnis, Iodáilis, Ioruais, Eastóinis, Seapáinis agus Béarla.[8]

Anois tá Nuala ina chónaí i mBaile Átha Cliath lena ceathrar páistí agus ó am go am is léitheoir Gaeilge í ar teilifís agus raidió.[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Mo Ghrása Idir Lúibíní | PoetryBeo" (en). Dáta rochtana: 2019-02-24.
  2. Joe Roe (2013-10-24). "Mo Ghrá-sa (Idir Lúibíní)". 
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". dx.doi.org. Dáta rochtana: 2019-02-24.
  4. "mccgaeilge | Leaving Cert." (en). mccgaeilge. Dáta rochtana: 2019-02-24.
  5. "Nuala Ní Dhomhnaill" (en-US). The Gallery Press. Dáta rochtana: 2019-02-24.
  6. "Nuala Ní Dhomhnaill" (en-US). The Gallery Press. Dáta rochtana: 2019-02-24.
  7. Clíona Ní Ríordáin. "Poetry across the linguistic divide" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-02-24.
  8. "Nuala Ní Dhomhnaill (poet) - Ireland - Poetry International" (en). www.poetryinternationalweb.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-08. Dáta rochtana: 2019-02-24.
  9. "Nuala Ní Dhomhnaill" (as en) (2019-01-01). Wikipedia.