Mitraillette
| Bunús | |
|---|---|
| Ainmnithe in ómós | fo-mheaisínghunna |
| Tír dhúchais | an Bheilg |
| Cuid de | bia na Bruiséile |
| Sonraí | |
| Cineál | ceapaire, mias phrátaí agus mearbhia |
| Príomh-chomhábhair | sceallóga, anlann, baguette, crudités agus feoil |
Is ionann mitraillette (ón bhFraincis: [mitʁajɛt], i., "fo-mheaisínghunna" ) agus ceapaire ó bhunús na Beilge. Deanta as leath-bhaguette atá líonta le feoil, sceallóga prátaí, agus rogha anlann, itear mitraillettes agus iad te. Ceann de na ceapairí is coitianta i siopaí sceallóg sa Bhruiséil iad.[1]
Ceaptar gur tháinig an mhitraillette ar an bhfód den chéad uair sa Bhruiséil[2], agus tá cáil orthu i bhFlóndras, sa Vallúin agus i dTuaisceart na Fraince chomh maith, ach tugtar "Sandwich Américain" ar an gcineál seo ceapaire sa Fhrainc.[3]
Comhdhéanamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear an mhitraillette thraidisiúnta le chéile agus na nithe seo a leanas ann[4]:
- Leath-bhaguette
- Feoil bhogthe (nó uaireanta feoil fhuar)
- Sceallóga
- Anlann
Is féidir sailéad a fháil sa mhitraillette chomh maith, mar shampla leitis, trátaí, nó oinniúin fhriochta.
Clúdaítear an ceapaire i bpáipéar bán agus itear ar an láthair é, nó faightear iad "à emporter" .i., chun tabhairt leat.
Anlainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá rogha fairsing d'anlainn ar fáil sna siopaí sceallóga ar fud na Beilge agus is féidir aon cheann de na hanlainn a chur ar an mitraillette, ag brath ar rogha an chustaiméra. De ghnáth, cuirtear an t-anlann díreach ar an arán agus faoi na sceallóga. Uaireanta, ní chuirtear an t-anlann ar an mitraillette í fhéin ach i bpota beag plaisteach a ghabhann leis.
An mhitraillette i gcultúr an phobail sa Bheilg
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh na n-ionsaithe sceimhleithoireachta a tharla sa Bhruiséil ar an 22 Márta 2016, scaipeadh iomhánna de mhitraillettes ar na meáin shóisialta sa Bheilg agus thar lear, chun sceon na ndaoine a laghdú trí ghreann agus chun dlúthpháirtíocht a léiriú.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mowed Down by the Mitraillette Sandwich at Manneken Frites" (en).
- ↑ "Les 5 Meilleures Friteries et baraques à Frites Belges à Bruxelles" (fr).
- ↑ "Belgian Food Explained, The Mitraillette".[nasc briste go buan]
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-08-24. Dáta rochtana: 2017-06-26.
- ↑ "Belgians Are Breaking Out These "Machine Guns" To Mock Terrorists" (en).