Anlann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaAnlann
Bunús
Tír dhúchaisan Fhrainc
Gastranómachaisbéile agus mias
Sonraí
Cineálblastán
Anlann

Leacht bhlaistithe is ea anlann, a chuirtear ar fáil ar bhia nó lena thaobh. Is féidir leis a bheith te nó fuar, milis nó leasaithe. Déantar anlanna fuara ó mheascán (cosúil le vinéigreit) nó eibleacht (cosúil le maonáis) nó purée (cosúil le haon anlann torthaí). Maidir le hanlanna teo, is féidir stoc anraithe, bainne nó uisce a úsáid mar bhunleacht agus é a ramhrú le him leáite, plúr, buíocháin uibheacha is uachtar, ábhar ramhraithe stáirse (cosúil le gránphlúr nó ararút), im (mar a dhéantar i hollandaise) nó purée glasraí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Anlann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 40.