Mion-ríocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is mion-ríocht ann ná ríocht bheag i gcodarsnacht le himpireacht nó ríocht aontaithe a bhí ann roimhe nó ina dhiaidh (mar shampla na ríochtaí iomadúla Angla-Shacsanach i Sasana a aontaíodh i Ríocht Shasana sa 10ú haois, nó an iliomad ríochtaí Gaelacha na hÉireann mar Ríocht na hÉireann sa 16ú haois). Mar mhalairt air sin, bheadh mion-ríocht ina ríocht bheag i ngarchomharsanacht ríochtaí níos mó, mar shampla an ríocht mheánaoiseach Ríocht na nOileán (Rìoghachd nan Eilean) i gcoibhneas le ríochtaí na hAlbanShasana nó ríochtaí Lochlannacha.