Mícheál Ó Conghaile
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1962 61/62 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, drámadóir, scríbhneoir próis, aistritheoir |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is scríbhneoir Éireannach agus foilsitheoir Gaeilge a rugadh in Inis Treabhair i gCeantar na nOileán, Conamara sa bhliain 1962 é Mícheál Ó Conghaile.[1] Tá dintiúirí B.A. agus M.A. bainte amach aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.[2]
Chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1985, a bhfuil litríocht agus ceol Chonamara mar phríomhtháirge aige.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is scríbhneoir cruthaitheach, staraí sóisialta agus nuálaí cultúir é Ó Conghaile i réimse na foilsitheoireachta liteartha agus ceoil.
Tá an gearrscéal Athair dá chuid le fáil sa chnuasach Gearrscéalta an Chéid a chuir Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha in eagar.
Chomh maith lena shaothar cruthaitheach liteartha féin, tá na drámaí The Beauty Queen of Leenane, The Lonesome West agus an scannán Gaeilge Kings aistrithe aige; agus tá cnuasach gearrscéalta curtha in eagar aige do dhéagóirí.
Aistríodh a chuid scríbhneoireachta go Rómainis, Cróitis, Albáinis, Gearmáinis agus Béarla.
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na ngradam atá bainte amach aige tá Gradam Liteartha Butler ón Irish American Cultural Institute agus Gradam Liteartha Hennessy. Bhí sé ina scríbhneoir cónaithe ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus ag Ollscoil Uladh ó 1999 go dtí 2002.
Is ball d' Aosdána é.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Croch Suas É! (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1998) Cnuasach amhrán
- Croch Suas Aríst É! Cnuasach amhrán
- Croch Suas Aríst Eile É! Cnuasach amhrán
- Mac an tSagairt (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1986)
- Comhrá Caillí, (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1987)
- Conamara agus Árainn 1880–1980: Gnéithe den stair shóisialta, (Cló Iar-Chonnachta, 1988)
- An Fear a Phléasc (Cló Iar-Chonnachta, 1997)
- Sna Fir (Cló Iar-Chonnachta, 1999)
- Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
- An Fear nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnachta, 2003)
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cúigear Chonamara(Gallimh, An Taibhdhearc, 2003)
- The Connemara Five[3] aistrithe ag Úna Ní Chonchúir, 2007
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Micheál Ó Conghaile – 30 April" (en-GB). Irish Literary Society (2018-01-16). Dáta rochtana: 2024-10-24.
- ↑ "October 2013 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
- ↑ "Syracuse University Press" (en-US). Dáta rochtana: 2024-10-24.