Jump to content

Mícheál Ó Cléirigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Michél Ó Cléirigh)
Infotaula de personaMícheál Ó Cléirigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1590
Bás1643
52/53 bliana d'aois
Lováin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
TeangachaAn Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach

Project Gutenberg: 39485

Staraí agus príomhúdar Annála na gCeithre Máistrí ab ea Mícheál Ó Cléirigh (t. 1590 – 1643).[1] Scríobh sé na hAnnála in éineacht le Cú Choigríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maol Chonaire agus Cú Choigríche Ó Duibhgeannáin. Duine den teaghlach clúiteach staraithe ó Chill Bhairdne i dTír Chonaill. Tadhg an t-ainm a baisteadh air, agus tugadh Tadhg an tSléibhe go coitianta air, nó gur thóg sé an t-ainm Mícheál nuair a chuaigh sé sna Bráithre Proinsiasacha i gColáiste Naomh Antaine i Lobháin.

Faoi stiúir an ghairdiain, Aodh Buí Mac an Bhaird (1580-1635), cuireadh go hÉirinn ag bailiú seanchais ó lámhscríbhinní é, agus le cúnamh óna chomhleacaithe, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, Fearfeasa Ó Maolchonaire, Lughaidh Ó Duibhgeannáin, chuir sé i dtoll a chéile An Reim Rioghroidhe i 1630, An Leabhar Gabhála i 1631, agus an t-ollsaothar ar a tugadh Annála na gCeithre Máistrí (1636). D’oibrigh sé freisin ar an naomhsheanchas agus ar fhoclóir a foilsíodh i 1643. Cailleadh i Lobháin é c.1643.

Déantar léiriú ficseanúil ar Mhícheál Ó Cléirigh i Lobháin san úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac 2007) le Darach Ó Scolaí.