Meilinin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhair datha dhúdhonna a thugann dathanna difriúla, idir buí is donn, do na súile, an craiceann, an ghruaig, na cleití is na lanna i gcuid mhaith veirteabrach, i dtiúchain dhifriúla. I láthair sna cealla a iompraíonn ábhair datha (meilineafóir) in amfaibiaigh, reiptílí is éisc, agus cealla seachtracha craicinn (meilinicítí) na mamach. I ndaoine, cosnaíonn siad an craiceann i gcoinne damáiste ón radaíocht ultraivialait i solas na Gréine. Braitheann an oiread díobh atá sa chraiceann ar fhachtóirí géiniteacha is comhshaoil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Meilininí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 448.