Marshall Warren Nirenberg
Cuma
Bithcheimicí a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Marshall Warren Nirenberg (1927-2010). I struchtúr slabhrúil DNA is RNA, códaíonn gach 3 bhun núicléitíde (is é sin, gach códón) d'aimíonaigéad amháin i sintéisiú próitéin, i bpróiseas bunúsach in aistriú tréithe géiniteacha. Ba é Nirnberg a léirigh an cód cruinn taobh thiar de seo. Shintéisigh sé aigéad núicléasach le seicheamh bun a bhí ar eolas, rinne próitéin leis sin, agus fuair amach cén t-aimíonaigéad a úsáideadh sa phróitéin. Le Har Gobind Khorana is Robert Holley, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1968 as an saothar seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Marshall Warren Nirnberg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 485.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |