Jump to content

Marina Ní Dhubháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarina Ní Dhubháin
Beathaisnéis
BreithDaingean Uí Chúis Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, taighdeoir, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm0639111 Cuir in eagar ar Wikidata

Is drámadóir agus gníomhaí ealaíona í Marina Ní Dhubháin ó Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Le blianta beaga anuas tá sí ag feidhmiú mar chomhordaitheoir agus mar thaighdeoir ealaíona ar thogra ‘Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh’ — clár forbartha de chuid na Comhairle Ealaíon. Mar léachtóir agus taighdeoir i réimse taighde sna healaíona agus san amharclannaíocht fheidhmeach le hOllscoil na Gaillimhe, d’fhorbair sí saineolas ar na modhanna ealaíona a threisíonn forbairt pobail. Ina cleachtas mar dhéantúsóir amharclainne agus mar chomhairleoir scripte, oibríonn sí idir na hearnálacha gairmiúla agus pobail. Is ball í de Gharraí an Ghiorria, comhchoiteann a dhéanann forbairt ar ghréasáin uasoiliúna do dhrámadóirí na Gaeilge chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar mhúnlaí nua oibre san amharclann. Tá céim mháistreachta aici sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach agus gradam PhD san Amharclannaíocht Fheidhmeach le hOllscoil na Gaillimhe.