Maria Sibylla Merian
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Aibreán 1647 Frankfurt (an Impireacht Naofa Rómhánach) |
Bás | 13 Eanáir 1717 69 bliana d'aois Amstardam (Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Feithideolaíocht |
Suíomh oibre | Suranam |
Gairm | feithideolaí, maisitheoir, maisitheoir eolaíochta, maisitheoir luibheolaíochta, ealaíontóir grafach, péintéir, luibheolaí, nádúraí, léipidipteolaí, ealaíontóir |
Teangacha | An Ghearmáinis agus an Ollainnis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Johann Andreas Graff (en) |
Páiste | Johanna Helena Herolt, Dorothea Maria Graff |
Athair | Matthäus Merian |
Siblín | Matthäus Merian agus Caspar Merian |
Ba fheithideolaí, nádúraí agus maisitheoir eolaíochta Gearmánach í Maria Sibylla Merian (2 Aibreán 1647 – 13 Eanáir 1717 ).[1] Bhí sí ar dhuine de na nádúraithe Eorpacha ba luaithe a dhoiciméadaigh breathnuithe faoi fheithidí go díreach. Ba de shliocht chraobh Frankfurt de theaghlach Merian na hEilvéise í Merian.
Fuair Merian a cuid oiliúna ealaíne óna leasathair, Jacob Marrel, mac léinn leis an bpéintéir d'ábhar neamhbheo Georg Flegel . D’fhoilsigh Merian a céad leabhar de léaráidí nádúrtha sa bhliain 1675. Thosaigh sí ag bailiú feithidí agus í ina ógánach. Ag aois 13, thóg sí seiriceáin. Sa bhliain 1679, d'fhoilsigh Merian an chéad imleabhar de shraith dhá imleabhar ar bhoilb; an dara himleabhar ina dhiaidh sin sa bhliain 1683 . Bhí 50 pláta i ngach imleabhar a rinne sí greanta agus eitseáilte. Dhoiciméadaigh Merian fianaise ar phróiseas na meiteamorfóise agus ar phlandaí óstacha de 186 speiceas feithidí Eorpacha. In éineacht leis na léaráidí chuir Merian síos ar a saolréanna.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Rogers, Kara. "Maria Sibylla Merian". Encyclopædia Britannica. Arna gcartlann ón mbunleagan ar 23 June 2018. Aisghafa 31 March 2018.