Feithideolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse bitheolaíochta a bhaineann le gach gné den staidéar ar fheithidí. Mar thoradh ar a dtábhacht, tá fo-bhrainsí ar leith sa bhfeithideolaíocht. Tá cuid de na feithidí tairbheach do dhaoine (mar shampla, iad siúd a phailníonn plandaí bairr) ach is dochrach cuid eile acu, trí bharra a ithe nó galair fhungasacha, víreasacha, is bhaictéaracha a tharchur do phlandaí is daoine. Is féidir go ndéanfaidh siad dochar fíorchostasach. Pléann an fheithideolaíocht fheidhmeach eacnamaíoch le saothrú feithidicídí agus bealaí eile chun feithidí a smachtú. Sa bhfeithideolaíocht mhíochaine, déantar staidéar ar na feithidí a iompraíonn galair cosúil le tífeas, maláire, is suanghalar na hAfraice, chun iad a smachtú. Baintear feidhm as feithidí i dtaighde eolaíoch freisin, agus rinneadh an-dul chun cinn sa ghéineolaíocht trí staidéar ar an gcuil torthaí drosophila.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feithideolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.