Maria Montessori
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 30 Lúnasa 1870 Chiaravalle (Ríocht na hIodáile) |
Bás | 6 Bealtaine 1952 81 bliana d'aois Noordwijk, An Ísiltír |
Áit adhlactha | Noordwijk |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sapienza na Róimhe |
Céim acadúil | Dochtúir le hEolaíocht |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Oideolaíocht |
Suíomh oibre | An Róimh |
Gairm | dochtúir leighis, oideolaí, scríbhneoir aistí |
Fostóir | Ollscoil Sapienza na Róimhe |
Ball de | |
Mac/iníon léinn | Helma Trass |
Teangacha | An Iodáilis agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Páiste | Mario Montessori |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
|
Lia agus oideolaí Iodálach ab ea Maria Tecla Artemisia Montessori (31 Lúnasa 1870 – 6 Bealtaine 1952). Aithnítear í as an modh múinteoireachta atá ainmnithe ina diaidh, mar atá oideolaíocht Montessori.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Maria Montessori sa bhliain 1870 in Chiaravalle, cóngarach do Ancona san Iodáil. Den mheánaicme ab ea a tuismitheoirí. Cuntasóir ab ea a hathair. Riail ghéar a bhí i bhfeidhm sa teach agus í ag fás aníos cé go raibh gaol gairid idir ise agus a máthair, a ghéill dá neamhspleáchas. Sa bhliain 1875, thug a tuismitheoirí aghaidh ar an Róimh. Múinteoir an tslí bheatha a bhí ar intinn acu dá n-iníon.
Faoin mbliain 1884, bhí suim láidir á taispeáint ag Maria sa mhatamaitic agus sa chócaireacht, rud nár thaitin lena hathair. Ar scoil di rinne sí staidéar ar an mbitheolaíocht agus rinne sí suas a hintinn dul leis an míochaine. Sa bhliain 1890, thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an eolaíocht nádúrtha ag an ollscoil. Bronnadh céim uirthi i 1892. I ndiaidh roinnt deacrachtaí a shárú d'éirigh léi ní hamháin áit a bhaint amach i scoil leighis (teoranta de ghnáth do na fir) ach scoláireacht chomh maith. Cuireadh sin le míshástacht a hathair, nár chuir aon tsuim i rud ar bith a rinne sí as sin amach. D'éirigh roinnt daoine i measc a muintire agus san ollscoil araon naimhdeach ina leith.
Sa bhliain 1896, in aois a 26 bliana, d'éirigh le Maria Montessori a dintiúirí mar dhochtúir leighis a bhaint amach. Bhí sí ar na chéad bhandochtúirí san Iodáil. D'oibrigh sí ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin i gclinic síciatrach na holscoile agus i gclinicí sa Róimh. Rinne sí staidéar ansin ar iompar páistí "mallintinneacha".
Sa bhliain 1900, shocraigh Montessori ar dul leis an múinteoireacht.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |