Maria Montessori
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 31 Lúnasa 1870 Chiaravalle (Ríocht na hIodáile) |
| Bás | 6 Bealtaine 1952 81 bliana d'aois Noordwijk (Ríocht na hÍsiltíre) |
| Áit adhlactha | Noordwijk |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sapienza na Róimhe |
| Céim acadúil | Dochtúir le hEolaíocht |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Oideolaíocht |
| Suíomh oibre | An Róimh |
| Gairm | dochtúir leighis, scríbhneoir aistí, oideolaí, fealsamh |
| Fostóir | Ollscoil Sapienza na Róimhe |
| Ball de | |
| Mac/iníon léinn | Helma Trass |
| Teangacha | An Iodáilis agus an Fhraincis |
| Teaghlach | |
| Páiste | Mario Montessori |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
Lia agus oideolaí Iodálach ab ea Maria Tecla Artemisia Montessori (31 Lúnasa 1870 – 6 Bealtaine 1952). Aithnítear í as an modh múinteoireachta atá ainmnithe ina diaidh, mar atá oideolaíocht Montessori.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Maria Montessori sa bhliain 1870 in Chiaravalle, cóngarach do Ancona san Iodáil. Den mheánaicme ab ea a tuismitheoirí. Cuntasóir ab ea a hathair. Riail ghéar a bhí i bhfeidhm sa teach agus í ag fás aníos cé go raibh gaol gairid idir ise agus a máthair, a ghéill dá neamhspleáchas. Sa bhliain 1875, thug a tuismitheoirí aghaidh ar an Róimh. Múinteoir an tslí bheatha a bhí ar intinn acu dá n-iníon.
Faoin mbliain 1884, bhí suim láidir á taispeáint ag Maria sa mhatamaitic agus sa chócaireacht, rud nár thaitin lena hathair. Ar scoil di rinne sí staidéar ar an mbitheolaíocht agus rinne sí suas a hintinn dul leis an míochaine. Sa bhliain 1890, thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an eolaíocht nádúrtha ag an ollscoil. Bronnadh céim uirthi i 1892. I ndiaidh roinnt deacrachtaí a shárú d'éirigh léi ní hamháin áit a bhaint amach i scoil leighis (teoranta de ghnáth do na fir) ach scoláireacht chomh maith. Cuireadh sin le míshástacht a hathair, nár chuir aon tsuim i rud ar bith a rinne sí as sin amach. D'éirigh roinnt daoine i measc a muintire agus san ollscoil araon naimhdeach ina leith.
Sa bhliain 1896, in aois a 26 bliana, d'éirigh le Maria Montessori a dintiúirí mar dhochtúir leighis a bhaint amach. Bhí sí ar na chéad bhandochtúirí san Iodáil. D'oibrigh sí ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin i gclinic síciatrach na holscoile agus i gclinicí sa Róimh. Rinne sí staidéar ansin ar iompar páistí "mallintinneacha".
Sa bhliain 1900, shocraigh Montessori ar dul leis an múinteoireacht.

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |