Malairt bhreosla
Cuma
De bhrí go ndéanann ola, is cuma peitreal nó díosal, an-truailliú nuair a dhóitear mar bhreosla í in inneall dóchain inmheánaigh, tá an-tóir ar bhreoslaí eile nach ndéanfaidh an oiread céanna truaillithe. Tá meascán de mheatánól is peitreal á thástáil, agus taighde á dhéanamh ar na hinnill chun iad a oiriúnú dó. Tá gás nádúrtha in úsáid, bíodh is gur gá umar trom treisithe sa ghluaisteán chuige seo. Táthar ag tástáil eatánóil freisin d'fhonn é a úsáid in ionad peitril. Bíodh is go bhfuil baol inlastachta ag baint leis, tá taighde á dhéanamh ar hidrigin mar bhreosla i gcomhair feithiclí. Tá córais leictreacha á saothrú freisin chun feithiclí a fhuinnmhiú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Malairt bhreosla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 435.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |